Jump to content

Breatimeacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBreatimeacht
Íomhá
Cineálwithdrawal from the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Eanáir 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisUnited Kingdom invocation of Article 50 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leeconomic effects of Brexit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Codanna
Haischlib#Brexit Cuir in eagar ar Wikidata


Agóideoirí le haghaidh an Bhreatimeachta, 23 Samhain 2016

Is éard atá i gceist leis an bhfocal Breatimeacht (Béarla: ‘Brexit’) ná imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, rud a tharla sa bhliain 2020.

De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.

Portmanteau is ea an focal Brexit (‘Br[itish]’ + ‘Exit > 'imeacht na Breataine'), portmanteau a deineadh de réir mhúnla an fhocail Grexit (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’ > 'imeacht na Gréige'), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na Gréige as limistéar an euro i mbéal an phobail.

Thugtar mar leasainm RemoanerRemaniac ar daoine a mhian leo fanacht san tAontas Eorpach agus Brexiteer ar na daoine sin a theastaigh uathu é a fhágáil.

An reifreann i 1975 i gcomparáid le 2016

Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal.

De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE.

  • Le linn na 1970idí agus na 1980idí, ba iad baill de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil.
  • Ó na 1990idí amach, ba iad polaiteoirí de chuid na gCoimeádach agus de chuid UKIP (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.

Socrú nua sa bhliain 2016

[cuir in eagar | athraigh foinse]
David Cameron, ar chlé, ina aonar

Ar 19 Feabhra 2016, ag cruinniú den Chomhairle Eorpach, tháinig ceannairí na mBallstát ar shocrú nua don Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach. Ar na nithe a socraíodh bhí[1]:

  • an cumas iomaíochta agus conas an gheilleagair a chothú;
  • na sochair leasa shóisialta a thugtar d'imircigh áirithe san Aontas Eorpach;
  • cosaintí a thabhairt isteach chun an choimhdeacht a neartú (i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta).

D'ainneoin iarracht dhiongbháilte chun an R-A a shásamh, thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, David Cameron, fógra go reáchtálfaí reifreann ar 23 Meitheamh 2016.

agóid, Meitheamh 2016

Díospóireacht theasaí a bhí ann. Tharraing an feachtas imreas, Ar an 16 Meitheamh 2016, feallmharaíodh an Teachta Parlaiminte Jo Cox, ina toghcheantar féin, i mBirstall, Yorkshire Thiar. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, agus máthair beirt chlainne, ba ea Jo Cox. Bhéic an t-ionsaitheoir 'Britain First' agus é á hionsaí.[2] Chaith sé trí philéar leis an bhFeisire Cox & sular sháigh sé chúig uaire dhéag í.[3] Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse agus feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin.[4]

Oideachas agus % Imeacht

An reifreann sa bhliain 2016

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I reifreann, vótáil muintir na Ríochta Aontaithe ar son imeacht as an Aontas Eorpach (i bhfabhar 51.89%, i gcoinne 48.11 %)[5].

In Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, leagtar amach na nósanna imeachta a bhíonn le leanúint má chinneann Ballstát an tAontas Eorpach a fhágáil. Fanann an Ríocht Aontaithe ina Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh go dtí go gcuirfear i gcrích an chaibidlíocht maidir le téarmaí a himeachta.

Ar 29 Meitheamh, tháinig ceannairí an Aontais le chéile den chéad uair gan ceannaire na Ríochta Aontaithe i láthair. Chuir na ceannairí in iúl go raibh aiféala orthu faoi thoradh an reifrinn ach go raibh rún daingean acu tosaíochtaí reatha a bhrú ar aghaidh[6].

I ndiaidh an reifrinn, thogh an Páirtí Coimeádach, páirtí a bhí i gceannas ar an Ríocht Aontaithe ag an am, Theresa May mar Phríomh-Aire agus gheall sise bille chun an ‘European Communites Act 1972’ (Gaeilge: ‘Acht na gComhphobal Eorpach 1972’) a chur ar ceal agus chun dlíthe Eorpacha atá ann a chomhtháthú le córas dlíthe na Ríochta Aontaithe féin. Níl téarmaí an imeachta socraithe go fóill fós.

Thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May, fógra don Chomhairle Eorpach faoi rún na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil.[7]. Chuir an fógra seo tús le himeacht na Ríochta Aontaithe de réir Airteagal 50 de Chonradh Liospóin.

agóid, Manchain, 1 Deireadh Fómhair 2017

Tá idirbheartaíocht anonn is anall ar siúl idir an dá thaobh ó 2017. 

Ar 27 Bealtaine, rinne an Chomhairle Eorpach tús na caibidlíochta maidir le hAirteagal 50 leis an Ríocht Aontaithe a údarú agus d'ainmnigh sí an Coimisiún mar idirbheartaí an Aontais. D'fháiltigh an Coimisiún roimh ghlacadh na chéad sraithe de threoracha caibidlíochta lena dtugtar an sainordú polaitiúil agus dlíthiúil is gá don Choimisiún Eorpach chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe thar ceann AE-27.

Ag an am, bhí an R-A ag iarraidh cainteanna maidir le comhaontú saorthrádála a thosú, ach bhí an AE ar dtús ag teastáil cloígh leis an mbuiséad (socrú neamhfhoirmiúil as a laghad). Bhain an AE a chuspóir amach i mí na Nollaig 2017.

Ar an 16 Lúnasa 2017, bhí plécháipéis foilsithe ag Rialtas na Breataine ina moltar[8]

  • comhpháirtíocht nua chustaim idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain féachaint le teorainn dhaingean chustaim a sheachaint.
  • dá mbeadh teorainn chustaim ann, go mbeadh sé chomh hoscailte agus ab fhéidir.
  • tréimhse eatramhach ann ó thaobh riaracháin chustaim de nó go mbeadh deis acu socruithe nua trádála a dhéanamh.
agóid, An Róimh, 19 M.F. 2016

Bhí an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann amhrasach faoi na moltaí seo. 

Flórans, Meán Fómhair 2017

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May, óráid i bhFlórans san Iodáil ar an 22 Meán Fómhair 2017. Mhol sí go mbeadh fáil ag an mBreatain ar na socruithe céanna sa mhargadh aonair agus a bhí acu roimhe sin tar éis dóibh dealú ón Aontas Eorpach, ar feadh dhá bhliain.[9] Mhol sí freisin go mbeadh conradh nua slándála idir an Bhreatain agus an tAontas le dul i ngleic le haon bhagairt a thiocfadh chun cinn.

Ar an 8 Nollaig 2017, bhí an Bhreatain agus Aontas na hEorpa tagtha ar mhargadh faoi cheist na teorann agus ceisteanna eile, le go mbeifear in ann a dhul ar aghaidh ag an dara cuid de na comhráití faoi imeacht na Breataine as an Aontas.[10] Dúirt an Ríocht Aontaithe go mbeadh sí ag cloí le rialacha na hEorpa a thacaíonn le socruithe tras-teorann na hÉireann, mura mbeifear in ann a theacht ar chomhréiteach sa gcuid eile de na comhráití.

Agóid i 2015, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste

Cúpla lá níos déanaí, dúirt Michel Barnier (príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh sa gcéad shraith cainteanna ar an Bhreatimeacht), "Ní féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón socrú a rinne sí leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo caite"[11].

Scríobh 200 ball aitheanta den phobal náisiúnach ó thuaidh, litir[12] ag áiteamh ar an Taoiseach seasamh leo ag am thar a bheith corraitheach, mar gheall ar an margadh idir na Caomhaigh agus an DUP agus an Breatimeacht.

D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar ag 23ː00 31 Eanáir 2020 meán-am Greenwich (nó 00:00 de réir am na Bruiséile ar 1 Feabhra 2020). Daingníodh an An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann ag an am céanna, ach d'athraigh intinn Boris Johnson faoi.

Ar 27 Feabhra 2023, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe, faoi Richie Sunak, agus an tAontas Eorpach margadh nua Breatimeachta, Creat Windsor[13]

Príomhalt: Creat Windsor

Ar 22 Márta 2023, bhí tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach don Chreat, le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP.[14]

Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal taighde thar ceann an Choimisiúin Comhionannais Thuaisceart Éireann féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus.[15][16][17] D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.

Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh/ Ina theannta sin ar fad bhí daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-21. Dáta rochtana: 2017-12-17.
  2. "MP Jo Cox básaithe tar éis ionsaí gunna agus sceana" (as ga) (2016-06-16). 
  3. "Mair ciontaithe i ndúnmnharú Jo Cox" (as ga) (2016-11-23). 
  4. "Ómós do Jo Cox i dTeach na dTeachtaí" (as ga) (2016-06-20). 
  5. "Scaipeadh na gcleití in Easaontas na hEorpa" https://tuairisc.ie/brexittuairisc-le-cathal-mac-coille-i-londain-scaipeadh-na-gcleiti-in-easaontas-na-heorpa/ 24 Meitheamh 2016
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-21. Dáta rochtana: 2017-12-17.
  7. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-21. Dáta rochtana: 2017-12-17.
  8. Nuacht RTÉ (2017-08-15). "Comhpháirtíocht nua chustaim á moladh ag Rialtas na Breataine" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2017-09-22). "Fáilte cháiréiseach curtha ag an Taoiseach roimh óráid May" (as ga). 
  10. Nuacht RTÉ (2017-12-08). "Margadh déanta ar cheist na teorann" (as ga). 
  11. Nuacht RTÉ (2017-12-13). "'Níl aon dul siar ar shocrú an Bhreatimeachta'-Barnier" (as ga). 
  12. Nuacht RnaG. "Adhmhaidin". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2023-04-09.
  13. Windsor Framework
  14. Sky News. "MPs vote on Windsor Framework in Commons" (as en). 
  15. equalityni.org Equality Commission for Northern Ireland (2023). "IMPACT OF BREXIT ON MINORITY ETHNIC AND MIGRANT PEOPLE IN NORTHERN IRELAND". Dáta rochtana: 2023.
  16. Paul Ainsworth (2023-06-07). "Ethnic minorities believe racism in NI has risen since Brexit, report finds" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  17. "Racism ‘part of daily life’ in Northern Ireland after Brexit" (en). Irish Legal News (2023-06-08). Dáta rochtana: 2023-06-12.