An Mhuir Mharbh
Cineál | Endorheic lake (en) agus hypersaline lake (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Jordan Rift Valley (en) Jordan-Palestine border (en) teorainn idir Iosrael agus an Iordáin Israel–Palestine border (en) | ||||
Suíomh | |||||
Tír abhantraí | Iosrael, an Iordáin agus Stát na Palaistíne | ||||
Limistéar riaracháin | Iosrael, an Iordáin, An Iordáin agus Stát na Palaistíne | ||||
| |||||
Codanna | |||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | −437 m | ||||
Doimhneacht ingearach | 360 m | ||||
Toisí | 18 () × 67 () km | ||||
Imlíne | 135 km | ||||
Achar | 605 km² 1,050 km² | ||||
Abhantrach | 41,650 km² | ||||
Bearta agus táscairí | |||||
Salandacht | 33.7 % | ||||
Toirt | 148,000 hm³ | ||||
Loch goirt is ea an Mhuir Mharbh (Araibis: البَحْر المَيّت, al-Baḥr El-Mayyit, "Muir Mharbh"; Eabhrais: יָם הַמֶּלַח, Yām Ha-Melaḥ, "Muir an tSalainn") atá suite sa Mheánoirthear, idir an Bruach Thiar, Iosrael agus an Iordáin. Tá an loch 422 méadar (1,385 troigh) faoi bhun cothrom farraige, agus mar thoradh tá cladaí na mara ar an áit thirim is ísle ar dhromchla an Domhain. Tá 33.7% salandacht sa loch chomh maith, agus is é an loch goirt is doimhne ar domhain (378 méadar, 1,240 troigh) é. Cruthaíonn salandacht na mara timpeallacht atá an-gharbh do phlandaí agus ainmhithe, agus mar sin a tugtar an mhuir mharbh air.
Tá áit thábhachtach ag an muir i stair an réigiúin. Mar shampla, thóg Héaród Mór roinnt daingin ar Bhruach Thiar na Mara Mairbhe, agus scríobh Josephus gur gabhadh agus maraíodh Eoin Baiste ag an bpálás Machaerus. Níos déanaí, frítheadh Scrollaí na Mara Mairbhe idir 1947 agus 1956 sna huaimheanna ag Qumran.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |