Jump to content

Oíche Shamhna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOíche Shamhna
Íomhá
Cineállá saoire
bigil de Lá Fhéile na Naomh Uile Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAllhallowtide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
31 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Haischlib#halloween, #ハロウィン, #HappyHalloween, #Halloween2024 agus #2022Halloween Cuir in eagar ar Wikidata


Saoire i bhféilire an Iarthair is ea Oíche Shamhna, a cheiliúrtar ar an 31 Deireadh Fómhair. Ceiliúrtar in Éirinn í go príomha, ach tá an fhéile níos saolta sa lá atá inniu ann agus ceiliúrtar an fhéile i ndomhan an Bhéarla den chuid is mó.

Tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí: Féilire Coligny, Lyon, An Fhrainc[1].

Téann stair na Samhna i bhfad siar roimh ré na Críostaíochta. Ba iad Samhain (1 Mí na Samhna), Imbolc (1 Feabhra), Bealtaine (1 Bealtaine) agus Lúnasa (1 Lúnasa) na príomhfhéilte réamh-Chríostaí a bhí ag na Ceiltigh.

B’fhéile an-tábhachtach í Oíche Shamhna. De réir seanscéalta, bhriseadh an deighilt idir an saol seo agus an domhan eile ar an oíche seo. Bhí Oíche Shamhna idir bliain amháin agus an bhliain dár gcionn[2].

I gcreideamh na Sean-Cheilteach, bhí tábhacht ar leith ag baint le teorainneacha, le háiteanna (oileáin, portaigh) nó le hamanna (Oíche Shamhna) a bhí idir eatarthu, nach raibh i saol amháin ná i saol eile.

Cluichí úll: An Bhlarna 1832 (péintéir Daniel Maclise sa bhliain 1833).

Toisc Oíche Shamhna a bheith suite idir bliain amháin agus bliain eile, idir geimhreadh agus samhradh, bhí sí taobh amuigh den ghnátham ar fad, dar lenár sinsear. Ní raibh na gnáthrialacha i bhfeidhm ar chor ar bith, agus bhí saoirse ag spridí agus ag anamacha na marbh filleadh ar an saol seo ar Oíche Shamhna.

Fadó ó shin, bhíodh féasta trí lá ag Teamhair gach bliain leis an tSamhain a cheiliúradh.

Críostaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le teacht na Críostaíochta, cuireadh an seanghnás Ceilteach in oiriúint don Chreideamh. Rinneadh Lá na Naomh Uile den chéad lá de mhí na Samhna agus Féile na Marbh den dara lá den mhí.

masc, sna luathbhlianta an chéid seo caite, Museum of Country Life, Éire.

Is iomaí nós a bhaineann leis an bhféile seo i dtíortha éagsúla. Tá cuid mhór sean-nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna beo in Éirinn go fóill.

  • In Éirinn lastar an tine chnámh fós. Deirtear go gcoimeádann sí drochspioraid as an áit. Tá clú ar Dhoire as an chóisir mhór a reáchtáiltear sa chathair sin gach bliain.
  • Itheann daoine bairín breac agus cnónna agus bíonn cluichí úll ar siúl chomh maith.
    tornapa, Jack-o'-lantern, sna luathbhlianta an chéid seo caite, Museum of Country Life, Éire.
  • San ochtú haois déag, bhí an ceiliúradh ann chun eagla a chur ar spioraid. In Éirinn shnoigh daoine tornapaí chun eagla a chur ar spioraid.[3]
  • Bíonn dubh agus oráiste ceangailte le hOíche Shamhna agus an t-athrú ón bhfómhar go dtí an geimhreadh. Baineann an t-oráiste le teas an fhómhair agus baineann an dubh le fuacht, dorchadas agus fad an gheimhridh.[3]
  • Fadó bhíodh baint ag an bhfáidheadóireacht le hOíche Shamhna toisc gur theastaigh ó dhaoine fáil amach céard a bheadh i ndán dóibh i rith na bliana nua. Mar shampla, chuirtí dallamullóg orthu, agus bhíodh orthu rogha a dhéanamh idir thrí bhabhla. Bhíodh cré i gceann amháin de na babhlaí, uisce i gceann eile agus fáinne sa tríú ceann. Is é an bás a bhí i ndán don duine bocht a roghnaigh an chré, bhí eisimirce i ndán don duine a roghnaigh an t-uisce, agus bhí an duine a roghnaigh an fáinne ag dul a phósadh.
  • Is nós Éireannach é ‘Bob nó Breab’ nó 'Bob nó Bia’. 'Ag goil amach leis na púcaís' a thugtar ar an gcleachtas seo ar Árainn. Bíonn páistí ag dul ó theach go teach agus iad i mbréagriocht ag déanamh ‘Bob nó Breab’.  Itheann siad úlla, cístí, milseáin, toirtíní úll.
  • Cabáiste
    De réir an scríbhneora Chonallaigh Seán Mac Meanmain, bhíodh nós ann fadó cál nó cabáiste a dháileadh ar gach teach ar an sráidbhaile Oíche Shamhna, ionas go mbeadh cál agus coirce acu don bhrot, an t-anraith traidisiúnta a dhéantaí Lá Samhna. D’fhágtaí cabáiste ar leac an dorais. Bhí ar an duine istigh ‘Síocháin Dé chugaibh! Seo chugainn an tSamhain!’ a scairteadh trí huaire as a chéile. Ach chuir an t-aos óg an nós seo as a riocht. Thosaigh siad a chaitheamh cabáiste leis an doras, nó isteach fríd an fhuinneog fiú! Is mar sin a tháinig ‘Bob nó Breab’ ar an saol, is dócha.
Waterloo Place, Doire, M.F. 2010

Stáit Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada tá béim ar chailleacha a bhíonn ag marcaíocht ar scuaba agus cuirtear amach puimcíní le coinnle lasta.
  • Tá an nós ‘bob nó bia’ ann i Meiriceá chomh maith agus síltear gur fhorbair sé i Meiriceá sa naoú chéad déag nuair a tháinig imircigh Éireannacha go Meiriceá.
  • I Meicsiceo, ceiliúrtar ‘El Dia de los Muertos’ nó Lá na Marbh ó 31 Deireadh Fómhair go dtí an dara lá de mhí na Samhna. De réir scéalta, tagann gaolta marbha ar ais ar an lá seo lá agus ullmhaítear don chuairt chun fáilte a chur rompu. An oíche roimh ré, téann daoine go dtí an reilig agus réitíonn siad na huaigheanna. Lasann siad coinneal amháin do gach anam agus ullmhaíonn siad altóir. Cuireann siad bláth nó an bia ab fhearr leis an duine marbh ar an altóir.

An Bhreatain Bheag

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Sa Bhreatain Bheag deirtear gur féidir réamhinsint na bliana a chloisteáil ag crosbhóithre má éisteann duine go cúramach leis an ngaoth. Deirtear gur féidir liosta na marbh don bhliain nua a chloisteáil, má bhíonn duine ag an séipéal ag meán-oíche agus clog an tséipéil á bhualadh.
siopa i mBÁC, 2010

Sean-Ghaeilge: samain, samuin, nó samfuin. Níl na teangeolaithe ar aon intinn faoin chiall cheart atá leis an fhocal Samhain. Creideann cuid de na saineolaithe gur samhfhuin atá ann, nó ‘deireadh an tsamhraidh’ ach ina éadan sin, tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí idir Mí Dheireadh Fómhair agus Mí na Samhna fosta[4].

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tarskavaig, 2008

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Léon Rosenthal. "La Bronze de Coligny: FLORILEGE DES MUSÉES DU PALAIS DES ARTS". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  2. bbc.co.uk
  3. 3.0 3.1 Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (5 Samhain 2021). "Eleathanach 394". Dáta rochtana: 5 Samhain 2021.
  4. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.