Múchóg
Cuma
Orobanche | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Orobanchaceae |
Géineas | Orobanche L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Orobanche major |
Planda is ea an mhúchóg[1], í bliantúil nó ilbhliantúil, seadánach, gan chlóraifill. Tá 200 speiceas di sa ghéineas Orobanche. Ní bhíonn feiceálach os cionn talún ach na spící tiubha bláthaithe. Na duilleoga laghdaithe ina lanna, na bláthanna déliopach i bhfaondathanna, donn den chuid is mó. Dúchasach do réigiúin theo mheasartha sa Seandomhan. Faigheann sí gach bia trí dhiúláin, ceangailte le fréamhacha an óstaigh. I measc na n-óstach bíonn eidhneán, giolcach sléibhe, nóiníní agus cuid mhaith eile. Mar sin féin, bíonn an chuid is mó de na múchóga sainiúil d'óstach amháin nó beagán óstach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Orobanche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Múchóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |