An Rómáin
An Rómáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
România (ro) | |||||
|
|||||
Aintiún | Deșteaptă-te, române! | ||||
Ainmnithe in ómós | An tSean-Róimh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Búcairist | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 19,053,815 (2022) | ||||
• Dlús | 79.92 hab./km² | ||||
Déamainm | Rómánach | ||||
Teanga oifigiúil | an Rómáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirthear na hEorpa an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an tAontas Eorpach (2007–) | ||||
Achar dromchla | 238,397 km² | ||||
Pointe is airde | Moldoveanu Peak (en) (2,544 m) | ||||
Pointe is ísle | an Mhuir Dhubh (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | United Principalities of Moldavia and Wallachia (en) agus Poblacht Shóisialach na Rómáine | ||||
Cruthú | 24 Eanáir 1859 (Iúlach) | ||||
Eachtra thábhachtach | unification of Wallachia and Moldavia (en) (24 Eanáir 1859 (Iúlach)) Tenth Russo-Turkish War (en) (10 Bealtaine 1877 (Iúlach)) Union of Transylvania with Romania (en) (1 Nollaig 1918) Réabhlóid na Rómáine 1989 (22 Nollaig 1989) Treaty of Berlin of 1878 (en) (13 Iúil 1878) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Rómáine | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Rómáine | ||||
• Uachtarán na Rómáine | Alexandru Ioan Cuza (1862 (Iúlach)–1866 (Iúlach)) | ||||
• Príomh-Aire na Rómáine | Marcel Ciolacu (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 285,404,683,025 $ (2021) | ||||
Airgeadra | leu na Rómáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ro | ||||
Glaochód | +40 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | RO | ||||
Cód NUTS | RO | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | guv.ro |
Is tír í an Rómáin (Rómáinis: România) atá suite ar chósta na Mara Duibhe, agus í ag críochantaíocht leis an mBulgáir, an Úcráin, an Moldóiv, an tSeirbia agus an Ungáir. Is ball de ECAT í an Rómáin, agus tá sí ina ball den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007, ina bhfuil sí ar an 7ú tír is mó de réir daonra agus ar an 9ú ceann de réir achair[1]. Is é Klaus Iohannis an t-uachtarán.
Tíreolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roinntear an Rómáin go minic i dtrí réigiún stairiúla: an Mholdáiv san oirthuaisceart, an Trasalváin san iarthuaisceart, agus an Valách sa deisceart. Is sa Valách atá suite príomhchathair na tíre, Búcairist. Is iad Cluj Napoca agus Timișoara (sa Trasalváin), Iași (sa Mholdáiv) agus Constanța (sa Valách freisin) na ceithre chathair is mó ina diaidh.
Ag críochantacht leis an Rómáin, tá ann don tír neamhspleách Poblacht na Moldóive nó an Mholdóiv, ar a dtugtar 'An Mholdáiv' fosta uaireanta. Níl an stát seo ina cuid de stát na Rómáine. Bhí an dá chuid sa réigiún stairiúil céanna, ar a dtugtaí 'An Mholdáiv', go dtí an bhliain 1812. Sa bhliain sin bhí ar an Impireacht Otamánach (a raibh prionsacht na Moldáive faoina smacht ag an am) leath oirthearach an réigiúin a ghéilleadh chun Impireachta na Rúise; mar gheall air seo, ní raibh an chuid oirthearach seo in ann aontú le stát neamhspleách na Rómáine nuair a cruthaíodh í sa bhliain 1878. Fuair sí a neamhspleáchas níos déanaí, an uair is deireanaí sa bhliain 1990 tar éis thitim an Aontais Shóivéadaigh.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear an leu mar airgeadra sa Rómáin. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Rómáine an 42ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 50ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 62ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Rómáin, é ar $23,991 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Rómáin an 43ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 27ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Rómáin an 53ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.0%, an t-ochtú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Anonymous (2016-07-05). "Ag cur fút san AE - an tAontas Eorpach - European Commission" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2018-07-21.
- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
[[Catagóir:Ballstáit den Aontas Eorpach