Alternative für Deutschland
Páirtí polaitíochta sa Ghearmáin is ea an Alternative für Deutschland, no AfD, atá i bhfad amach ar an eite dheis. Is in oirthear na tíre is mó atá tacaíocht don AfD.
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, dúirt ceannaire an pháirtí phobalaigh go neamhbhalbh gur cheart don Ghearmáin an tAontas Eorpach a fhágáil mura ndéantar cumhachtaí an Choimisiúin a shrianadh.[1]
I mí na Samhna 2023, ghlac baill thábhachtacha den AfD páirt i gcruinniú in Potsdam, áit ar pléadh beart chun inimircigh agus fiú saoránaigh na Gearmáine “nach ngéilleann don chultúr ceannais” a bhogadh as an tír. Eagraíodh léirsithe móra ar fud na tíre nuair a fuarthas amach faoin gcruinniú sin i bPotsdam.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtoghchán na bliana 2013, fuair an AfD 4.7% den vóta. Ar 24 Meán Fómhair 2017 in olltoghchán na Gearmáine, fuair AfD (Alternative für Deutschland) 13% de vóta na tíre. Tar éis an toghcháin, d'éirigh AfD an dara páirtí is láidre san oirthear.[2]
In 2024, bhí tacaíocht 22% ag an bpáirtí AfD sna pobalbhreitheanna sa Ghearmáin.[1][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rassemblement National (An Fhrainc)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Radvan Markus (1 Feabhra 2024). "Tá cúiseanna ar leith gur fiú vóta a chaitheamh i Meitheamh na bliana seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
- ↑ Diarmuid Johnson (25 Meán Fómhair 2017). "Merkel arís, ach Alternative für Deutschland ag ceiliúradh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (2 Feabhra 2024). "An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
Is síol faoin Ghearmáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |