Stiall Möbius
Cuma
Sa toipeolaíocht, dromchla le taobh amháin agus líne leanúnach amháin á thimpeallú. August Möbius a d'fhionn an coincheap. Smaoinigh ar dhronuilleog fhada chaol, ABCD, agus ceangail A le B is C le D. Is sorcóir an toradh, le dhá dhromchla. Má thógtar dronuilleog chomhionann, ABCD, agus má cheanglaítear A le C is B le D, anois nuair a thosaítear ag pointe ar bith ar an dromchla, is féidir líne leanúnach amháin a tharraingt ar an dromchla chun filleadh ar an mbunphointe. Is stiall Möbius í seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stiall Möbius". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |