Bhí Risteard III (2 Deireadh Fómhair1452 – 22 Lúnasa1485) ina rí ar Shasana ó 1483 go dtí lá a bháis. Ba é an rí deireanach ar Shasana de theaghlach Eabhrac agus de ríora Plantagenet. Tháinig deireadh le Cogadh na Rósanna nuair a briseadh ar a arm agus nuair a maraíodh é féin, ag Cath Pháirc Bosworth. Tháinig Anraí VII, an chéad rí Túdarach, i gcomharbacht air. Scríobh an drámadóir clúiteach William Shakespeare dráma mór le rá faoi Risteard III, ina léiríodh é mar bhithiúnach uafásach.