Féile chultúrtha is ea an tOireachtas.[1][2] Is é an aidhm atá leis an Oireachtas ná ealaíona dúchasacha na hÉireann a chur chun cinn agus a cheiliúradh[3][4] trí mheán na Gaeilge—idir amhránaíocht, ceol, rince, scéalaíocht agus drámaíocht.[5]
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana, go háirithe Oireachtas na Samhna, ar siúl thart faoi Oíche Shamhna. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta ag na féilte.
Tá i bhfad níos mó imeachtaí agus pléaráca eile ar siúl ag an fhéile na laethanta seo m.s. ceolchoirmeacha, drámaí, oíche ghrinn le GaelGÁIRÍ, seolta dlúthdhioscaí, cláracha teilifís agus raidió á gcraoladh beo, agus Club na Féile—oíche atá go hiomlán craiceáilte. Tá an taobh sóisialta den fhéile tábhachtach fosta—ag bualadh le daoine ó gach áit in Éirinn agus thar lear.[6]
Bhí páirt lárnach ag an Oireachtas in athbheochan damhsa sean nós fosta
Tá na comórtais lárnach don fhéile, mar a bhí siad ón am a bunaíodh é. D’fhéadfá a rá go gurbh é comórtas Chorn Uí Riada mar ‘Chorn an Domhain’ fa choinne amhránaíochta traidisiúnta an tSean-Nóis agus mar buaicphointe na seachtaine.
Eagraítear sraith comórtas gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbhneoirí fásta, faoin teideal Comórtais Liteartha an Oireachtais, chun cuidiú le litríocht chomhaimseartha a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre.
Bhí páirt lárnach ag an Oireachtas in athbheochan damhsa sean nós fosta. Anois is iad na comórtais sin—nó Steip mar a bhearr siad orthu—mar bhuaicphointe eile na féile.
Cuireadh tús le féile aon lae i 1897, ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha sa bhliain 1893. Reáchtáladh an chéad Oireachtas ar an Luan, 17 Bealtaine1897, agus é ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath.[7] Is cúis iontais gur fhreastail os cionn 1,000 duine ar an bhféile leathlae sin. Cuireadh ar siúl naoi gcomórtas san fhilíocht, sa phrós, san amhránaíocht, sa scéalaíocht agus sa rannaireacht.[8] Scríobh agus chum Annie W. Patterson an slógamhrán ‘Go mairidh ár nGaedhilg slán’ don ócáid agus chuir Dermot Foley focail leis. Chum an chéad Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dubhghlas de hÍde, dán chomh maith.[9]
Tháinig meath ar an Oireachtas ag tús na 1920idí. Tar éis Oireachtas na bliana 1923 ní raibh ceann eile go dtí 1939 nuair a bhí aththosú air i mBaile Átha Cliath. D'fhan sé sa phríomhchathair le linn na 1940idí, 1950idí agus 1960idí.
Cuireadh brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht agus reáchtáladh Oireachtas na nGael i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige. Ba sa gceantar Gaeltachta seo a cuireadh tús le nós an Oireachtais bogadh ó bhaile go baile.[10]
↑Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2006 ar an leabhar Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 2005) agus bronnadh Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 ar Cló Mhaigh Eo, le linn Oireachtas na Samhna i nDoire Cholmcille.