Féile na Gealaí
| ||||
Cineál | féile cheoil | |||
---|---|---|---|---|
Bailíocht | 2016 - | |||
Suíomh | Ráth Chairn, Éire , an Ghaeltacht, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge | |||
Seánra | rac-cheol, ceol hip hap agus ceol tíre traidisiúnta | |||
Suíomh gréasáin | feilenagealai.com | |||
Is féile cheoil agus ealaíne í Féile na Gealaí a dhéanann ceiliúradh ar chultúr comhaimseartha na Gaeilge. Bíonn an uile chineál ceoil le cloisteáil ag an bhféile champála seo, ina measc pop, rac, reigé, punc, traidisiúnta agus rap. Is i Ráth Chairn i gcroílár Ghaeltacht Laighean a bhíonn sí ar siúl gach bliain, thar trí lá i Mí an Mheithimh.[1]
I measc na n-imeachtaí eile a bhíonn ar siúl seachas ceol bíonn filíocht le REIC nó IMRAM, ióga, damhsa, ceardlanna amhránaíochta, agus ceardlanna teanga i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban.[2] Eagraíonn baill d'AerachAiteachGaelach imeachtaí Bród. Chuir GaelGÁIRÍ gig grinn ar siúl in 2022 agus 2023 le leithéidí Julie Jay.[1] An fuirseoir Tadhg Hickey a bhí ag déanamh seó grinn in 2024.[3]
Ón tús, tá "an nasc le hAlbain i gcónaí iontach tábhachtach" do lucht eagraithe na féile idirnáisiúnta seo.[1] Na céadta duine a bhíonn ag triail uirthi ó gach cearn d'Éirinn, thar Shruth na Maoile ó Albain, ó Mhanainn, ón mBreatain Bheag, ó Shasana, agus ó áiteanna nach iad. Bíonn "fuinneamh, cairdeas agus suáilceas le mothú as an slua" ag an bhféile.[4]
Chuir Edel Ní Churraoin agus Hannah Ní Bhaoill tús léi in 2016 agus tá sí ann mar thoradh ar an obair chrua a dhéanann an coiste deonach a eagraíonn í bliain i ndiaidh bliana.[4]
Tháinig na ceannródaithe rac Gaeilge Na Fíréin "ar ais le chéile arís do cheolchoirm eisíoch" ag an bhféile in 2024.[3]
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Féile na Gealaí a chrú an duais i gcomhair Fhéile na Bliana ag Gradaim NÓS beagnach gach bliain go dtí gur cuireadh deireadh leis, an bhliain inar bunaíodh an fhéile san áireamh. An t-aon bhliain amháin nár bhuaigh sí, fuair sí ainmniúchán. Vóta poiblí a bhíodh i gceist leis an ngradam sin.[2][5]
Taisteal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eagraítear bus díreach go dtí na Féile ó Chlub an Chonartha i mBÁC ar an Aoine.[6] Déantar amhlaidh ó Bhéal Feirste uaireanta.[7]
Téann bus 188 go dtí Ráth Chairn ó Dhroichead Átha tríd an Uaimh, bailte a bhfuil nascanna acu le Béal Feirste agus le BÁC.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil
- Siopa
- Bus ó BhÁC
- Físeán de chuid NÓS faoi bhunú na féile: Féile na Gealaí
- Físeán de chuid Mheon Eile ina tríú bhliain: Féile na Gealaí ag dul ó neart go neart
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Caoimhe Ní Chathail (15 Meitheamh 2022). "Féile na Gealaí: Scoth an cheoil agus na sluaite Gael ag damhsa". Irish Independent (Seachtain). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 03 Meitheamh 2024.
- ↑ 2.0 2.1 Aodh Mac Ruairí (15 Bealtaine 2020). "Féile na Gealaí". colmcille.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 06 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 06 Meitheamh 2024.
- ↑ 3.0 3.1 "Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí". RTÉ (16 Bealtaine 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 04 Meitheamh 2024.
- ↑ 4.0 4.1 "‘An slua is mó go dtí seo’ ag Féile na Gealaí agus na Gaeil ag tarraingt ar Ráth Chairn glas na Mí". Irish Independent (2023-06-14). Dáta rochtana: 2024-06-03.
- ↑ "Gradaim NÓS 2020". NÓS. Dáta rochtana: 06 Meitheamh 2024.
- ↑ "Bus chuig Féile na Gealaí ó Chlub Chonradh na Gaeilge". Eventbrite. Dáta rochtana: 05 Meitheamh 2024.
- ↑ Foireann NÓS (05 Meitheamh 2018). "Bus BÁC go Féile na Gealaí lán go béal!". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Nollaig 2018. Dáta rochtana: 05 Meitheamh 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Féilte Gaeilge
- Féilte Éireannacha
- Féilte ceoil
- Féilte rac-cheoil
- Ceol Comhaimseartha na Gaeilge
- Rac-cheol
- Rapálaithe Gaeilge
- Racghrúpaí Gaeilge
- Gaeltacht na Mí
- Contae na Mí
- Féilte Ghaeilge na hAlban
- Tograí idirghaelacha
- Féilte a bunaíodh in 2016
- Buaiteoirí Ghradam NÓS sa rannóg Féile na Bliana
- Gearrliostaí Ghradam NÓS sa rannóg Féile na Bliana
- Síolta ceol
- Síolta na hÉireann