Réalteolaíocht na Síne
Cuma
D'fhás an réalteolaíocht sa tSín neamhspleách ar an iarthar, agus bhain sí an-chuid éachtaí amach:
- an chéad taifead ar urú na Gealaí i 1361 RC, 4 cinn eile i 1279 RC;
- tomhas ar an nGrian agus eolaire 12 mhí (roimh 1100 RC);
- áirimh ailgéabracha ar na réaltaí (roimh an 5ú céad RC);
- grinniú ar chóiméad Halley (b'fhéidir i 611 RC, ach go cinnte i 467 RC);
- tiomsú chatalóga na réaltaí (faoin 5ú céad RC);
- fad na bliana a ríomh mar 365¼ lá (444 RC);
- tuairisc ar ghluaiseachtaí Iúpatair is Satairn (350 RC);
- 1080 réalta cláraithe i 6 rang gile (1ú céad RC);
- taifead ar ghrianspotaí (28 RC);
- iarmhairt na Gealaí ar thaoidí aimsithe (80 AD);
- tuiscint ar uruithe is rothlú na Gealaí (2ú céad);
- loingseoireacht le cabhair na réaltaí (2ú céad);
- breathnú ar eireaball cóiméid dírithe amach ón Ghrian (635);
- breathnú ar ollnóva (1054, nár taifeadadh san Eoraip); clog réalteolaíochta, sféar bráisléadach, cruinneog neamhaí, fuinnmhithe le huisce (1080);
- réadlann mhór (1280, 300 bliain roimh an gcéad cheann san Eoraip); taifead ar 90 ollnóva is 581 cóiméad faoi 1700.
Is ón mbunús Síneach an córas comhordanáidí réaltaí a úsáidtear ar fud an domhain anois.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 553.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |