Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012
Tionóladh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012 nó Cluichí an Tríochadú Oilimpiaid i Londain, sa Ríocht Aontaithe, ó 27 Iúil go 12 Lúnasa 2012. Ba é seo an chéad uair a bhí na cluichí ar siúl trí huaire in aon chathair amháin mar tionóladh i Londain iad dhá uair roimhe, sna blianta 1908 agus 1948.
Chuír 204 coiste Oilimpeach náisiúnta lúthchleasaithe chuig cluichí Londan, an líon coistí céanna agus a bhí páirteach i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2008, i mBéising. Díscaoileadh Coiste Oilimpeach Aintillí na hÍsiltíre ó shin ach ghlac coiste Bhrúiné páirt sna cluichí an uair seo. Níl coiste Oilimpeach ag an tSúdáin Theas go fóill. Bhí trí lúthchleasaí as oileáin Aintillí na hÍsiltíre agus duine amháin as an tSúdáin Theas páirteach i Londain, mar sin féin, agus iad ag glacadh páirte faoi bhratach an Choiste Oilimpigh Idirnáisiúnta.
Bhí breis agus 10,000 lúthchleasaí páirteach sna cluichí. Ba í Foireann na Breataine Móire an fhoireann bhaile agus an fhoireann is mó, agus 541 lúthchleasaí ar an bhfoireann céanna. Is í an t-aon fhoireann a raibh na baill páirteach i ngach ceann de na 26 spórt Oilimpeach. "An Bhreatain Mhór" a roghnaíodh, seachas "an Ríocht Aontaithe", cé go raibh daoine as Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann, Geirsí agus coilíneachtaí thar lear ar an bhfoireann. Ag na Stáit Aontaithe an dara foireann ba mó agus 530 lúthchleasaí uirthi.
Bhí 66 duine ar Fhoireann Phoblacht na hÉireann agus iad ag iomaíocht i 14 spórt. Fuair baill na foirne 5 bhonn i Londain: Fuair Katie Taylor bonn óir i gcomórtas dornálaíochta na mban, agus fuair John Joe Nevin bonn airgid in dornálaíocht na bhfear. Fuarthas 3 bhonn umha chomh maith: dhá cheann ar son dornálaíochta agus ceann amháin ar son eachaíochta.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |