Chandrayaan-3
| |||||||
Cineál misean | misean spáis | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | Eagraíocht Taighde Spáis na hIndia | ||||||
NSSDCA ID | 2023-098A | ||||||
Uimh. SATCAT | 57320 | ||||||
Airíonna árthaigh | |||||||
Mais | |||||||
Tús an mhisin | |||||||
| |||||||
Feithicil lainseáil | Launch Vehicle Mark III (en) | ||||||
Spriocanna
| |||||||
← Chandrayaan-2 (en)
| |||||||
Ar 23 Lúnasa 2023, thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, limistéar ar an ngealach gur beag taighde a bhí déanta ann. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil.[1]
Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an mhoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. B'é an chéad uair ag aon spásárthach ó aon tír ar domhan tuirlingt gar don mhol theas. B'é an chéad uair é freisin – ach an dara hiarracht – ag an India spásárthach a chur chun na gealaí.[2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go dtí 23 Lúnasa 2023, ní raibh tuirlingthe ar an ngealach ach spásárthaí ó thrí thír, mar atá, na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach agus an tSín.
Is suíomh straitéiseach é mol theas na gealaí. Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.[3] Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.[2]
Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh, agus theip ar iarrachtaí spáseolaithe ó thíortha eile roimhe seo árthach a chur ann. Cleite mór i sciathán spáseolaithe na hIndia a bhí ann. Go deimhin, theip ar spásárthach ón Rúis tuirlingt ann cúpla lá roimh Chandrayaan-3, ar 19 Lúnasa.[4] Sheol an Rúis Luna-25 chun na gealaí ach d’imigh an spásárthach sin ó smacht agus bhuail sí in éadan na gealaí.[3]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Chandrayaan-3 i dteagmháil le dromchla na gealaí sé seachtaine i ndiaidh a sheolta ar bord roicéid ó spásphort in Andhra Pradesh.
Is ag 18:02 IST (am na hIndia) ar 23 Lúnasa 2023 a thuirling an spásárthach gar don mhol theas.[2] Tá Chandrayaan-3, a chiallaíonn spásárthach i Sainscrait, ar an gcéad mhisean spáis ar éirigh leis tuirlingt gar don mhol theas.
Taobh istigh den tuirlingeoir bhí an carr gealaí sérothach Pragyaan, cuireadh é ag fánaíocht chun eolas agus íomhánna a bhailiú. Lean an misean ag déanamh na bunoibre fá choinne bunáit bhuan amach anseo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (26 Lúnasa 2023). "Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-28.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2023-08-23). "Spásárthach ón India tuirlingthe gan tuisliú ar an ngealach" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 "An India an chéad tír le spásárthach a thuirlingt le hais mhol theas na gealaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-28.
- ↑ Jackie Wattles (2023-08-22). "Russia’s lander crashing into the moon may signal another shift in the space race, experts say" (en). CNN. Dáta rochtana: 2023-08-23.