Andraiméide (réaltbhuíon)
Ainm Laidine (IAU) | Andromeda |
---|---|
Nod | And |
Ginideach Laidine | Andromedae |
Siombalaíocht | Andraiméide, an Mhaighdean Chuibhrithe |
Dronairde | 1 h |
Diallas | +40° |
Achar | 722 céim cearnach Céim 19ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Alpheratz (α And) (méid 2.1) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr |
Is é Andraiméide (nó Andromeda i mBéarla) an réaltra bíseach is giorra dár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, agus meastar go bhfuil thart ar thrilliún réalta ann.[1] Agus tá breis agus 100 billiún réaltra ar nós Andromeda sa chruinne ar fad, is cosúil.[2]
Réaltbhuíon í Andraiméide atá ainmnithe as an mbanphrionsa Andraiméide (a chiallaíonn sa teanga Ghréagach Rialtóir thar fir), carachtar i miotaseolaíocht na Gréige. I dtuaisceart na spéire atá an réaltbhuíon seo, in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus tá scothchosúlacht litreach "A" fada streachlánaí doiléire uirthi. Is é an clú is mó atá uirthi ná go bhfuil Réaltra Andraiméide istigh inti.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alpheratz: is í an réalta is gile de chuid Andraiméide ná α And, dá ngairtear freisin Alpheratz nó Sirrah. In éineacht le α, β agus λ Pegasi, comhdhéanann sí astaireacht darb ainm Cearnóg Mhór Pheigeasais. Fadó d’áirítí an réalta seo mar cheann de chuid Pheigeasais, mar is léir óna hainm, a chiallaíonn "imleacán an chapaill." δ Pegasi an t-ainm a thug an réalteolaí Johann Bayer uirthi.
- Mirach: Mirach, nó "an crios", an t-ainm a thugtar ar β And. 88 solasbhliain i bhfad uainn atá sí, agus ar amharcmhéid 2.1.
- Almach: tá γ Andromedae, nó Almach, suite ar rinn an chosa theas den "A" mór. Is ilréalta álainn í le dathanna in imeartas le chéile.
- υ And: tá córas pláinéadach ag υ And, le trí phláinéad dheimhnithe, 0.71 uair, 2.11 uair, agus 4.61 uair chomh mór le hIúpatar.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- M31: is é an réad domhainspéire is cáiliúla in Andraiméide ná M31, Réaltra Andraiméide, ceann de na réada is faide amach uainn atá infheicthe ag an tsúil fhornocht. Réaltra bíseach ollmhór atá ann, cosúil leis an réaltra s’againne. Chun an réaltra seo a aimsiú, tarraing líne idir β agus μ Andromedae, agus ansin cuir a fhad eile nó mar sin leis ó μ.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má chuirtear san áireamh réaltóga níos doiléire, ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, déanann scothchosúlacht banchipínigh den réaltbhuíon, le crios feiceálach (cosúil leis an gceann atá ag réaltbhuíon an Bhodaigh), agus rud éigin fada greamaithe de leathlámh aici, faoi mar banlaoch atá inti agus í ag beartú claímh. Is dócha go mbaineann an deilbh seo, i dteannta réaltaí eile i gcomhartha stoidiacach an Reithe (a chuimsíonn an Phléadach) agus páirt de réaltbhuíon na nIasc, le bunús mhiotas chrios Hipilité, a bhfuil baint aige le Dhá Shaothar Déag Earcail.
Os a choinne sin, trí réaltóga níos doiléire fós a chur san áireamh, réaltóga atá infheicthe ag an tsúil fhornocht, síneann an greamú i dtreo eile agus cuirtear ar an réaltbhuíon cosúlacht maighdine, agus í cuibhrithe agus ag coraíocht faoi mar atá sí ag iarraidh éalú [1] Curtha i gcartlann 2006-08-24 ar an Wayback Machine. I dteannta réaltbhuíonta eile in aice láithreach (Ceiféas, Peirséas, Caiseoipé, agus b’fhéidir Peigeasas), agus réaltbhuíon an Mhíl Mhóire faoi Andraiméide), is dócha gurb é seo bunús mhiotas Mhaíomh Chaiseoipé, a mbaineann go coitianta leis.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- 57/γ And 2.26: Almach nó Almaak nó Alamak nó Almak nó Almaach nó Alamac nó Al'mak
- < ? ؟ الارض al-canāq al-arđ̧ = Meannán an Domhain
- réalta dhúbailte; γ1 (2.26) agus γ2 (4.84)
- 57/γ And 2.26: Almach nó Almaak nó Alamak nó Almak nó Almaach nó Alamac nó Al'mak
- 42/φ And 4.26: Keun Nan Mun
- < 軍南門 Mandarin: jūnnánmén = Geata Theas an Champa
- 42/φ And 4.26: Keun Nan Mun
- 46/ξ And 4.88: Adhil
- < الذيل að-ðayl = an Triopall (go litriúil an Eireaball)
- 46/ξ And 4.88: Adhil
- 52/χ And 5.01: Keun Nan Mun
- < 軍南門 Mandarin: jūnnánmén = Geata Theas an Champa
- Nod leatsa go bhfuil an t-ainm céanna ar φ Andromedae
- 52/χ And 5.01: Keun Nan Mun
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- 21/α And 2.06; 43/β And 2.07; 57/γ1 And 2.26; 57/γ2 And 4.84; 31/δ And 3.27; 30/ε And 4.37; 34/ζ And 4.06; 38/η And 4.42; 24/θ And 4.61; 17/ι And 4.29; 19/κ And 4.14; 16/λ And 3.82; 37/μ And 3.87; 35/ν And 4.53; 46/ξ And 4.88; 1/ο And 3.62; 29/π And 4.36; 27/ρ And 5.18; 25/σ And 4.52; 53/τ And 4.94; 50/υ And 4.09; 42/φ And 4.25; 52/χ And 4.98; 20/ψ and 4.95; 48/ω And 4.83;
- Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
- 1/ο And 3.62; 2 And 5.10; 3 And 4.65; 4 And 5.33; 5 And 5.70; 6 And 5.94; 7 And 4.52; 8 And 4.85; 9 And 6.00; 10 And 5.79; 11 And 5.44; 12 And 5.77; 13 And 5.75; 14 And 5.22; 15 And 5.59; 16/λ And 3.82; 17/ι And 4.29; 18 And 5.30; 19/κ And 4.14; 20/ψ And 4.95; 21/α And 2.06; 22 And 5.03; 23 And 5.72; 24/θ And 4.61; 25/σ And 4.52; 26 And 6.11; 27/ρ And 5.18; 28 And 5.18; 29/π And 4.36; 30/ε And 4.37; 31/δ And 3.27; 32 And 5.33; 34/ζ And 4.06; 35/ν And 4.53; 36 And 5.47; 37/μ And 3.87; 38/η And 4.42; 39 And 5.98; 41 And 5.03; 42/φ And 4.25; 43/β And 2.07; 44 And 5.65; 45 And 5.81; 46/ξ And 4.88; 47 And 5.58; 48/ω And 4.83; 49 And 5.27; 50/υ And 4.09; 51 And 3.57; 52/χ And 4.98; 53/τ And 4.94; 55 And 5.40; 56 And 5.67; 57/γ1 And 2.26; 57/γ2 And 4.84; 58 And 4.82; 59 And 6.10; 60 And 4.83; 62 And 5.30; 63 And 5.59; 64 And 5.19; 65 And 4.71; 66 And 6.12;
- Réaltaí suntasacha eile:
- HR 465 (GY Andromedae) 6.36 – réalta athraitheach cosúil le Alfa2 Canum Venaticorum; tá línte próiméitiam ina speictream
- Groombridge 34 (GQ And, 8.08, agus GX And, 11.06) – i measc na réaltaí is gaire (11.62 solasbhliain); dúbailte; bladhmréalta
- Ross 248 12.29 – i measc na réaltaí is gaire (10.32 solasbhliain)
- S Andromedae (Ollnóva 1885) – ollnóva i Réaltra Andraiméide sa bhliain 1885 a d'aimsigh an réalteolaí amaitéarach Éireannach Isaac Ward
Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- Andraiméide ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-09-13 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- Andraiméide agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-04-20 ar an Wayback Machine
- Andraiméide ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: Andraiméide Curtha i gcartlann 2008-08-28 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: Andraiméide
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ NÓS. "Tá sé seo ar na grianghraif is mó riamh Cuirfidh sé do sheacht iontais ort" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-04-24.
- ↑ Daveachuk ar Youtube. "Gigapixels of Andromeda [4K]". Dáta rochtana: 2020.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |