Uimhir ochtáin
Cuma
Tomhas ar chumas breosla cur in aghaidh cnagadh de bharr adhainte anabaí in inneall dócháin inmheánaigh. Déantar comparáid idir airíonna an bhreosla le tástáil is airíonna meascán d'iosoctán (a chuireann i gcoinne cnagtha) is heaptán (a chnagann go héasca). Cinneann comhdhéanamh an mheascáin sin is congaraí d'iompar an bhreosla an tomhas don bhreosla sin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uimhir ochtáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |