Tomás Ó Máille
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Márta 1880 |
Bás | 15 Eanáir 1938 57 bliana d'aois |
Chair of Modern Irish at the University of Galway (en) | |
1909 – 1938 | |
Céim acadúil | Máistir Ealaíon céim dochtúireachta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | acadóir, folk song collector (en) , teangeolaí |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Ba é Tomás Ó Máille an chéad Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Gaillimh ó 1909 go lá a bháis i 1938 (30 Márta 1880 - 15 Eanáir 1938). Bhí sé ar dhuine de mhór-scoláirí Gaeilge a linne.[1][2][3][4]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh an Máilleach do theaghlach rathúil i nGleann an Mháma i gConamara in 1880. Bhain sé céim B.A. Ollscoil Ríoga na hÉireann amach sa Cheiltis, sa Bhéarla agus sa Mhata-fisic i 1905. Oileadh é ansin i Manchain (bronnadh MA air ansiúd), Learpholl, Baden, Beirlín, agus Freiburg, áit ar bronnadh dochtúireacht Ph.D air sa bhliain 1909.
Teangeolaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 1928 ar aghaidh, chruthaigh an Máilleach na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as Connacht agus as an gClár, agus chuidigh le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a dhéanamh.
Poblachtánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deartháir ba ea é le Micheál agus Pádraig Ó Máille, TD srl.
Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc.
Thacaigh an Máilleach leis na hÓglaigh agus le Colún Reatha Chonamara Thiar. Aithnítear go bhfuil oidhreacht spleodrach Uí Mháille ar chomhchéim le hoidhreacht a chomhghuallaithe i gCogadh na Saoirse, na h-intleachtóirí radacacha agus ceannairí an chultúir agus na polaitíochta, ina measc a chara Pádraig Mac Piarais agus na fir léinn Tomás Mac Donncha agus Éamon de Valera.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sé Eibhlín Ní Scannláin ón bhFearann Fuar, Co. Chiarraí.. Ní raibh sé 58 bliain d'aois nuair a d'éag 15 Eanáir 1938.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cartlann Uí Mháille in Ollscoil na Gaillimhe[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Tomás Ó Máille - Ollscoil na Gaillimhe". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
- ↑ "Ó MÁILLE, Tomás (1880–1938)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
- ↑ History Show. "Culture and Citizenship: Tomás Ó Máille" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-09.
- ↑ "Ó Máille, Tomás | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
- ↑ "Tomás Ó Máille, a native of Connemara, became the College’s first Professor of Irish in 1909 · University of Galway Digital Exhibitions" (en-US). exhibitions.library.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.