Steve Bannon
Feidhmeannach meán Meiriceánach, straitéisí polaitiúil, agus iarbhaincéir infheistíochta is ea Stephen Kevin Bannon a rugadh ar 27 Samhain 1953. Bhí sé mar phríomhstraitéisí an Tí Bháin don chéad seacht mí de riarachán uachtarán SAM Donald Trump, sular urscaoil Trump é. Is iarchathaoirleach feidhmiúcháin é ar Breitbart News[1][2][3][4][5][6][7] agus rinne sé seirbhís roimhe sin ar bhord an ghnólachta anailísíochta sonraí atá anois díbeartha Cambridge Analytica.[8]
2016
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an chéad phost polaitiúil, bhí Bannon i gceannas ar Breitbart News, a chuir sé síos air sa bhliain 2016 mar "an t-ardán don alt-right".
Bhí Bannon ina phríomhfheidhmeannach ar fheachtas uachtaránachta Donald Trump sa bhliain 2016.[9][10] I ndiaidh an toghcháin, d'fhógair sé go n-éireofadh sé as a phost ag Breitbart.[11]
Teach Bán, 2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Eanáir 2017, ceapadh Bannon ina Phríomh-straitéisí don Uachtarán Donald Trump[12] sa Teach Bán faoi Donald Trump. I gcáil an phoist seo, d'fhreastail Bannon go rialta ar Choiste na bPríomhaithe de Chomhairle Náisiúnta um Éigeandála na Stát Aontaithe.[13]
Thug Trump bata agus bóthar dó ar an 18 Lúnasa 2017. Thuairiscigh an New York Times gur dhíbir an tUachtarán féin ón Teach Bán Bannon, mar gheall ar an nasc atá aige is cosúil le grúpaí atá go mór ar an eite dheis. Ach dúirt Bannon gurb é fhéin a d'éirigh as.
2021-2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh ruathar faoi Theach na Parlaiminte in Washington D.C. in Eanáir 2021 agus é curtha i leith lucht tacaíochta Donald Trump go ndearna siad iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta a chur ar neamhní.
Ar 22 Iúil 2022, fuarthas Bannon ciontach i 2 chúis bainteach le dímheas a léiriú do Theach na Comhdhála. Bhí dlúthbhaint aige le hiar-Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump sna cúiseanna gur dhiúltaigh sé fianaise nó cáipéisí a chur ar fáil do choiste roghnach i dTeach na nIonadaithe.[14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Trump disavows the white nationalist 'alt-right' but defends Steve Bannon hire".
- ↑ "AppNexus bans Breitbart from ad exchange, citing hate speech".
- ↑ "Breitbart plans global domination after helping send Donald Trump to White House".
- ↑ "UMD Censors Far-Right Journalist; He Says".
- ↑ "Trump's Digital Team Orchestrating "Three Major Voter Suppression Operations"".
- ↑ "Trump puts flame-throwing outsider on the inside". Associated Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Feabhra 7, 2019. Dáta rochtana: Feabhra 13, 2017.
- ↑ "President Barack Obama Warns Against 'Us and Them' Nationalism".
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ "Trump picks Priebus as White House chief of staff, Bannon as top adviser".
- ↑ "Steve Bannon and the alt-right: a primer".
- ↑ "Editor: Breitbart plans to be 'best place for news on Trump'". Associated Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Feabhra 19, 2017. Dáta rochtana: Feabhra 13, 2017.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-08-18). "Bata agus bóthar tugtha do Steve Bannon" (as ga).
- ↑ Presidential Memorandum Organization of the National Security Council and the Homeland Security Council The White House, January 28, 2017.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-23). "Achomharc le déanamh ag Bannon" (as ga).