Soinéad
Cuma

Is éard is soinéad ann ná dán ceithre líne dhéag agus na rímeanna ann socair de réir rialacha áirithe.[1] Ón bhfocal Iodáilise sonetto (lit. "amhrán beag", a dhíorthaítear ón bhfocal Laidine sonus, a chiallaíonn fuaim) a thagann sé. Faoin 13ú haois ba dhán ceithre líne déag a bhí san fhoirm a lean scéimre agus struchtúr docht ríme.
Le linn an Renaissance, ba é an soinéad rogha na bhfilí mar fhoirm chun an grá rómánsúil a chur in iúl.
Shakespeare
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh William Shakespeare 154 soinéad, agus cuid acu aistrithe go Gaeilge ag Sorcha de Brún. Foilsíodh an chéad chuid de na haistriúcháin san iris Comhar in 2025. Bhain an Dr de Brún úsáid as peintiméadar iambach, rithim filíochta a bhaineann go dlúth le saothar Shakespeare.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An grá i bhfilíocht na n-uaisle (1988) le Seán Ó Tuama.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: soinéad" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-01-26.
- ↑ Bridget Bhreathnach (18 Feabhra 2025). "Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-27.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |