Sceach gheal
Crataegus monogyna | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | póma |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 203426 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Géineas | Crataegus |
Speiceas | Crataegus monogyna Jacq. |
Speiceas de phlanda is ea Crataegus monogyna, ar a dtugtar an sceach gheal[1], atá dúchasach don Eoraip, iarthuaisceart na hAfraice agus iarthair na hÁise. Tugadh isteach í i go leor codanna eile den domhan. Is féidir í a bheith ina fiaile ionrach.
Tá an speiceas seo ar cheann de na cineálacha éagsúla dá ngairmtear Crataegus oxyacantha, ainm a diúltaigh an pobal luibheolaíochta toisc go mheas siad go raibh sé ró-dhébhríoch.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tor beag nó crann 5-14 méadar ar airde, le coróin dhlúth í an sceach gheal, (Crataegus monogyna). Tá an choirt neamhlonrach donn le scoilteanna ingearach buí. Iompraíonn na gais óige dealga géara, tuairim is 12.5 mm (leath orlach) ar fhad. Tá na duilleoga 20 go 40mm (1 go 1 ½ orlach) ar fhad, ubhach agus liopach go domhain, uaireanta beagnach go dtí an mheánfhéith, leis na liopaí ag leathadh ag uillinn leathan. Bíonn an dromchla uachtarach glas dorcha lastuas agus níos gile laistíos.
-
Bláthanna na Sceiche Gile
-
Dealga, duilleoga agus stipeoga na Sceiche Gile
-
Toradh na Sceiche Gile
-
Gar-amhairc
-
Stoc de sceach gheal ársa ag Saint-Mars-sur-la-Futaie, An Fhrainc
-
Amharc ginearálta ar chrann Saint-Mars
-
Athsholáthar ar an Dealg Naofa a bhí gearrtha anuas ag loitiméirí sa bhliain 2010.
-
Dealg Ársa Hethel, Hethel, Sasana.
-
Crataegus monogyna i Joncret, An Bheilg.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Crataegus monogyna” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |