Radovan Karadžić
(2016) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (sr) Радован Караџић |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 19 Meitheamh 1945 79 bliana d'aois Petnjica (Democratic Federal Yugoslavia) |
1 Uachtarán Republika Srpska | |
7 Aibreán 1992 – 19 Iúil 1996 ← luach ar iarraidh – Biljana Plavšić → | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Seirbiaigh |
Reiligiún | Ceartchreidmheach an Oirthir |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sairéavó Columbia University Vagelos College of Physicians and Surgeons (en) |
Teanga dhúchais | an tSeirbis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, file, síciatraí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach na Seirbia Léig Chumannaigh na hIúgslaive |
Teangacha | Béarla agus an tSeirbis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Cogadh Boisniach |
Eile | |
Céile | Ljiljana Zelen Karadžić |
Páiste | Sonja Karadžić-Jovičević |
Ciontaíodh i | coireacht in aghaidh na daonnachta (2016) coir chogaidh (2016) cinedhíothú (2016) |
Croineolaíocht | |
31 Iúil 2008-24 Márta 2016 | Trial of Radovan Karadžić (en) |
21 Iúil 2008 | gabháil (Béalgrád) |
11 Iúil 1995-22 Iúil 1995 | Sléacht Srebrenica |
Gradam a fuarthas | |
Iar-pholaiteoir, file agus síciatraí Serbiach is ea Radovan Karadžić (Seirbis Choireallach: Радован Караџић), a rugadh sa bhliain 1945. Tugadh 'búistéir na Boisnia' air. Ciontaíodh i gcinedhíothú é sa bhliain 2016 sa Háig.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Karadžić ar an 19 Meitheamh 1945 i bPetnjica, Poblacht Shóisialta Mhontainéagró, Poblacht Chónaidhme Shóisialta na hIúgslaive).
Bhain sé cáilíocht amach mar dhochtúir agus mar shíciatraí.
Ciontaíodh i gcalaois é sna 1980idí agus chaith sé beagnach bliain amháin i bpríosún. Bhí Karadžić ina uachtarán ar an chéad rialtas Boisniach-Seirbiach, agus b'eisean a bhí i gceannas i rith an Chogaidh Bhoisniach idir na blianta 1992 agus 1995.
Mar gheall ar an gcinedhíothú a tharla in Srebrenica sa bhliain 1995 agus coireanna chogaidh eile a rinneadh le linn an chogaidh sin, sa bhliain 1995 d’ordaigh breitheamh ó Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv go dtabharfaí os comhair Chúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig é in éineacht le Ratko Mladić (Ceann Foirne Arm Republika Srpska nó an t-Arm Boisniach Seirbiach).
Ar a theitheadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Karadžić na blianta idir 1995 agus 2008 ar a sheachaint ó na húdaráis. Chaith sé roinnt ama ag obair i mBéalgrád faoin ainm bréige Dragan Dabić, agus ag cleachtadh go príobháideach mar lia i mBéalgrád.[1][2]
Cuireadh an-bhrú ar an rialtas i mBéalgrád chun é a gabhadh.
Bhí na seirbhísí slándála in amhras faoi Dabic le fada. Bhí ar bhean óg, as na seirbhísí slándála agus ag obair faoi rún, dul i dteagmháil le Dabic chun a chuid ADN (Aigéad Dí-ocsairibeaNúicléasach) a phiocadh suas. Rinne sí coinne leis an dochtúir. Bhí uirthi roinnt ribí amach a tharraingt amach as a chuid gruaige.[3][4] Fear mór ban a bhí i Karadžić agus chríochnaigh sí an tasc a tugadh di gan aon agó.
Agus na seirbhísí rúnda sa tóir air, cuireadh cogar i gcluas Karadžić faoin fhiosrúchán, is cosúil. Cúpla lá níos déanaí, ar 21 Iúil 2008, bhí sé ag iarraidh teitheadh nuair a gabhadh é ar bhus idirchathrach.[4]
Triail agus faoi ghlas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh chun trialach é sa Háig maidir le coireanna cogaidh. Tá sé faoi ghlas ó shin.
Chuir Karadžić síos air féin mar "scríbhneoir". Uaireanta, deifríonn polaiteoirí chun tosaigh lena gcuid dintiúirí intleachtúla a dheimhniú os comhair an phobail. Sa chás seo, Is é an peann cosaint Karadžić ar uafás a iompair pholaitiúil féin : 'Ná bac leis na coirp. Is duine cultúrtha mé. Scríobhaim leabhair.'[5]
Ciontaíodh Karadžić sa bhliain 2016 faoi shléacht Srebrenica i 1995 inar maraíodh timpeall 8,370 Moslamach. Bhí príosún 40 bliain curtha air ag breithiúna na Náisiún Aontaithe.[6]
Ach sa bhliain 2018, rinne Karadžić achomharc in aghaidh a chiontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe agus é ag iarraidh go gcuirfí ar a thriall an athuair é.
In 2019, bhí príosún saoil gearrtha ar Karadžić in áit an dá scór bliain a bhí curtha air roimhe seo. Ciontaíodh freisin é i gcinedhíothú agus i bhfeachtas inár díbríodh Crótaigh agus Moslamaigh as ceantair a bhí faoi cheannas na Seirbiach sa Bhoisnia.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ratko Mladich
- Zdravko Tolimir
- Sléacht Srebrenica
- Slobodan Milošević
- An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv
- Ciontuithe
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "After Karadzic arrest, West hopes for capture of Mladic" (en). France 24 (2008-07-23). Dáta rochtana: 2021-11-27.
- ↑ Reuters (2008). "Karadzic arrested in Serbia, worked as doctor". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ vqronline.org (2009). "Pop-Art Radovan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-27. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 4.0 4.1 "BBC World Service - The History Hour" (en-GB). BBC (23 Sam 2021). Dáta rochtana: 2021-11-27.
- ↑ "Ceachtanna le cur i bhfeidhm i ndiospoireacht na hEorpa" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019). "Príosún saoil gearrtha ar Radovan Karadzic". amp.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-11-27.