Pat Cox
Polaiteoir Éireannach, Teachta Dála, craoltóir agus Iar-Uachtarán Parlaimint na hEorpa é Pádraig Mac an Choiligh nó Pat Cox (a rugadh ar 28 Samhain, 1952). Ba bhall d’Fhianna Fáil, an Pháirtí Daonlathach agus an ELDR, grúpa na bhfeisirí Liobrálaigh i bParlaimint na hEorpa, é le linn a shaol pholaitiúil.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Cox i mBaile Átha Cliath ar an 28ú Samhain 1952 ach d’fhás sé suas i gCathair Luimnigh, áit a raibh cónaí ar a mhuintir. Tar éis freastal ollscoile i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath dó, ceapadh mar léachtóir san eacnamaíocht san Fhoras Náisiúnta um Ardoideachais (anois Ollscoil Luimnigh) é sa bhliain 1979.
Tháinig Cox isteach i bhFianna Fáil chun tacaíocht a thabhairt do Dheasún Ó Máille, Teachta Dála Luimneach Thoir agus Aire Tionscal agus Tráchtála agus sheas sé mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúil Chomhairle Cathrach Luimnigh i 1979. Níor éirigh leis suíochán a bhuachaint i Bhárd 1 ar bhruach thuaidh na cathrach.
Ba mar straitéisí polaitiúil ar an stáisiún raidió neamhoifigiúil Big L i Luimneach a chéad phost mar chraoltóir agus ghnóthaigh sé ainm dó féin as a thuairiscí faoin dtrí Olltoghchán i mblianta 1981 agus 1982. Dá bharr sinn, ceapadh ina iriseoir ar dtús agus ina láithreoir níos déanaí ar phríomh-chlár polaitiúil an chraoltóra náisiúnta RTÉ, Today Tonight.
Polaiteoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhág Cox RTÉ nuair a bhunaigh Ó Máille le cabhair ó Riobárd Ó Maolluaidh agus Máire Ní Áirne An Páirtí Daonlathach i ndiaidh dá chaitheamh amach as Fianna Fáil ag Cathal Ó hEochaidh. Ba Chox an chéad Ard-Stiúrthóir an pháirtí nua. Toghadh mar Feisire Parlaimint na hEorpa do cheantar Mumhan é sa bhliain 1989 agus bhuaigh sé suíocháin i nDáil Éireann i nDáilcheanntar Corcaigh Lár-Theas trí bhliain ina dhiaidh sin.
Nuair a d’éirigh Ó Máille as cinnireacht a pháirtí, sheas Cox i gcoinne Ní Áirne ach buadh air tar éis comhraic an-ghéar. Nuair a tháinig an chéad toghchán Eorpach eile sa bhliain 1994, ba mhian le Ó Máille go n-éireodh Cox as agus é féin a ainmniú mar an t-aon iarrthóir PD i dtogh-cheanntar na Mumhan.
San Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é go raibh clú éigin á bhaint amach aige cheana féin i measc an ghrúpa Liobrálach i Strasbourg, dhiúltaigh Cox éirí as a shuíochán. D’fhág sé na Daonlathaigh, sheas sé mar iarrthóir neamhspleách agus bhuaigh sé ar a shean-chara Ó Máille. Díreach i ndiaidh a thoghcháin, d'éirigh sé as mar Theachta Dála Corcaigh Lár-Theas.
Ceapadh mar cheannaire na Liobrálach é sa bhliain 1998 agus nuair tháinig seans an Uachtaránacht na Parlaiminte chucu sa bhliain 2002, bronnadh an gradam ar Chox.
Bhí an-suim aige i leathnú an Aontais Eorpaigh tar éis titim an chumannachais in Oirthear na hEorpa. Chomh maith le sin, d’oibrigh sé go dian chun go bhfaigheadh an Pharlaimint tuilleadh thionchar ar chinniúintí Comhairle na nAirí.
Ba le linn Uachtaránacht Cox ar chaith an Pharlaimint Coimisiún Jacques Santer as oifig ar an 15ú Márta 1999 nuair a dhiúltaigh duine den fhoireann, Édith Cresson na Fraince éirí as i ndiaidh coiste fiosrúcháin á cáineadh go géar.
Le leathnú an Aontais, chaill Éire dhá shuíochán sa thionól nua agus, ós rud é ná raibh ach trí cinn acu fágtha i dtogh-cheantar na Mhumhan in áit cúig chinn sa thoghchán roimhe sin, níor sheas sé arís sa bhliain 2004.
Is Uachtarán Gluaiseacht na hEorpa é i láthair na huaire.