Meathshlabhra
San fhisic núicléach tugtar meathshlabhra ar an slabhra fada de staideanna idirmheánacha idir an radanúiclíd phríomhordúil agus an t-iseatóp cobhsaí is ceann scríbe don mheath radaighníomhach. Na dúile troma radaighníomhacha a bhíonn ar fáil sa dúlra, cosúil leis an úráiniam agus leis an tóiriam, tá siad i bhfad níos troime ná na dúile cobhsaí, agus mar sin, caithfidh siad cuid mhaith de na cáithníní sa núicléas a chailleadh leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Mar sin, cuireann an núiclíd throm slabhra iomlán d'ócáidí meatha di.
An t-iseatóp a dtagann meath radaighníomhach air, tugtar máthairiseatóp air, agus is é an t-iseatóp a thagann ar an bhfód de thoradh an mheatha, is é an t-iníoniseatóp. Is féidir don iníoniseatóp a bheith cobhsaí, ach sa chuid is mó de na hócáidí, is máthairiseatóp é d'iseatóp éigin eile. Tabhair faoi deara, dála an scéil, nach iseatóip iad de chuid na dúile céanna, agus mar sin, bheadh sé ní b'fhearr máthairnúiclíd agus iníon-núiclíd a thabhairt orthu.
Bíonn sé éagsúil go leor cá fhad a thógann sé ar adamh amháin meath nua teacht air i ndiaidh an mheatha dheireanaigh, ach is féidir an dóchúlacht a oibriú amach de réir an tairisigh mheatha. Tiocfaidh meath ar gach adamh aonair go spontáineach, ach má bhreathnaímid ar na hadaimh go léir a bhí ann i dtús ama, tiocfaidh meath orthu de réir dáileadh easpónantúil, e−λt, agus is é λ an tairiseach meatha san fhoirmle seo. Tá a thairiseach meatha agus a leathré féin ag gach radanúiclíd. Is ionann an leathré agus an t-am a thógann sé ar adamh as gach beirt meath radaighníomhach teacht air. Bíonn leathré na núiclídí éagsúla an-difriúil - ó chodán beag den tsoicind go dtí na mílte milliúin de bhlianta.
Is minic a bhíonn na staideanna idirmheánacha níos radaighníomhaí ná an t-iseatóp is tús don tslabhra - is é sin, bíonn siad ag meath níos luaithe, agus ag astú níos mó radaíochta. Nuair a bhainfear amach an chothromaíocht, beidh céatadán an iníoniseatóip san eiseamal ag brath ar choibhneas a leathré agus leathré an mháthairiseatóip. Sa deireadh, beidh iníoniseatóip an iníoniseatóip agus iseatóip an tslabhra go léir ann, agus gach ceann acu ag cur le radaighníomhaíocht an eiseamail. Mar shampla, ós rud é go bhfuil a leathré chomh fada, ní bhíonn an t-úráiniam féin ag astú mórán radaighníomhaíochta. An phicbhleind, áfach - an mianra as a mbaintear an t-úráiniam - tá an phicbhleind lán iníoniseatóp, agus iad i bhfad níos radaighníomhaí ná an t-úráiniam, nach bhfuil ann ach túsphointe an tslabhra.
Cineálacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na cineálacha is coitianta den mheath radaighníomhach ná an t-alfa-mheath, an béite-mheath, an béite-mheath inbhéartach (astú an phosatróin agus an leictreonghabháil araon), agus an trasdul isiméireach. Is é an t-alfa-mheath an t-aon mheath acu seo a athraíonn maisuimhir an adaimh - baineann sé ceithre mhaisaonad de.
Is iad an trí phríomh-mheathshlabhra a aithnítear sa dúlra ná slabhra an úráiniam (arb é úráiniam a 238 a thúsphointe), slabhra an tóiriam (arb é tóiriam a 232 a thúsphointe) agus slabhra an achtainiam (arb é úráiniam a 235 a thúsphointe - tá an slabhra ainmnithe as ceann de na hiníoniseatóip). Iseatóip de chuid na luaidhe iad pointí deiridh na slabhraí seo go léir. Tháinig na heolaithe ar iarsmaí beaga de phlútóiniam a 244 agus plútóiniam a 239 sa dúlra chomh maith, agus is iseatóip phríomhordúla iad seo; mar sin, is dócha gur túsphointí iad dá meathshlabhraí féin.
Glacann na heolaithe leis go raibh slabhra eile fós ann i dtús ama, mar atá, slabhra an neiptiúiniam, ach ós rud é nach bhfuil neiptiúiniam a 237 ach 2.14 milliún bliain ar leathré, tháinig meath ar na hadaimh neiptiúiniam sa dúlra le fada, agus níl fágtha den tslabhra seo ach biosmat an dúlra, an t-iseatóp 209Bi. Chreidtí ar feadh i bhfad gurbh é biosmat a 209 ba deireadh do shlabhra an neiptiúiniam, ach fuarthas amach le déanaí go bhfuil sé radaighníomhach, siúd is go bhfuil leathré iontach fada aige (1.9 x 1019 bliain, nó 19,000,000,000,000,000,000 - 19 cuintilliún bliain - i bhfad bhfad níos mó ná aois na hollchruinne féin). Mar sin, ó thaobh na foirmiúlachta de, ní hé an biosmat seo an pointe deiridh. Is é tailliam a 205 iníoniseatóp an bhiosmait seo, agus is iseatóp cobhsaí é - mar sin, is é an pointe deiridh é. Ba é an Francach Noël Coron, agus é ag obair san Institut d'Astrophysique Spatiale in Orsay, An Fhrainc, a d'aithin sa bhliain 2003 go raibh an biosmat seo radaighníomhach.
Tá meathshlabhraí eile sa dúlra fós, cosúil le slabhra an radacarbóin (carbón a 14), ach is slabhra an-ghearr é, nó níl ann ach dhá núiclíd: an máthairiseatóp (an mháthairnúiclíd), arb é an radacarbón féin é, agus an t-iníoniseatóp (an iníon-núiclíd), nítrigin a 14, nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur iseatóp cosmaigineach é an radacarbón - is é sin, iseatóp a ghintear faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Na núiclídí troma ar túsphointí iad do na meathshlabhraí móra a luadh thuas, bhí siad ar fáil sa damhna príomhaoiseach as ar foirmíodh na pláinéid. Is é sin, is iseatóip phríomhordúla iad, mar a deirtear.
Meathshlabhraí na n-achtanóideach a dtagann alfa-mheath orthu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá sna táblaí thíos ná príomhbhealaí na sraithe. Ligtear ar lár na craobhacha nach gcloíonn ach 0.0001 % de na hadaimh leo. An fuinneamh a thugtar, is ionann é agus iomlán an fhuinnimh chinéitigh (is é is brí le fuinneamh cinéiteach ná fuinneamh gluaiseachta) a gheobhaidh na cáithníní go léir (na leictreoin, na halfa-cháithníní, na gáma-chandaim, na neoidríonónna, leictreoin Auger agus na X-ghathanna, chomh maith leis an núicléas féin, de thoradh an mheatha.
Tugann na táblaí thíos ainmneacha stairiúla na núiclídí nádúrtha chomh maith. (Ó chuaigh an chuid ba mhó de na núiclídí i sraith an neiptiúiniam i léig sa dúlra i bhfad ó shin, níor tugadh ainmneacha den chineál seo orthu.) Fuair na núiclídí na hainmneacha seo nuair a d'aithin na fisiceoirí an chéad uair mar núiclídí iad, ach ní raibh a fhios acu san am sin go fóill cén dúil a bhí i gceist. Mar sin, tá ainmneacha ann a chuirfeadh an ceimiceoir ar strae: ní iseatóip de chuid an tóiriam iad an dá chineál "méiseatóiriam", mar shampla.
Sraith an tóiriam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar sraith an tóiriam ar mheathshlabhra thóiriam a 232, iseatóp de chuid an tóiriam a bhfuil teacht air sa dúlra (taispeánann an tábla cúpla núiclíd a d'fhéadfadh teacht roimh an tóiriam seo sa slabhra, go teoiriciúil, dá mbeidís ar fáil go nádúrtha). Tá an t-achtainiam, an biosmat, an luaidhe, an polóiniam, an radón agus an raidiam ina mbaill den tslabhra seo, agus mar sin, tá iarsmaí éigin díobh le fáil san áit a bhfuil tóiriam.
Núiclíd | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) | Cineál meatha | Leathré | An oiread fuinnimh a scaoiltear saor sa mheath, aonad: MeV nó meigileictreonvolt | Iníoniseatóp (an t-iseatóp is toradh don mheath) | Meathshlabhra (Sraith an tóiriam) |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Calafoirniam a 252 | α | 2.645 bliain | 6.1181 | Ciúiriam a 248 | |||
Ciúiriam a 248 | α | 3.4×105 bliain | 6.260 | Plútóiniam a 244 | |||
Plútóiniam a 244 | α | 8×107 bliain | 4.589 | Úráiniam a 240 | |||
Úráiniam a 240 | β− | 14.1 uair | 0.39 | Neiptiúiniam a 240 | |||
Neiptiúiniam a 240 | β− | 1.032 uair | 2.2 | Plútóiniam a 240 | |||
Plútóiniam a 240 | α | 6561 bhliain | 5.1683 | Úráiniam a 236 | |||
Úráiniam a 236 | α | 2.3·107 bliain | 4.494 | Tóiriam a 232 | |||
Tóiriam a 232 | Th | Tóiriam | α | 1.405·1010 bliain | 4.081 | Raidiam a 228 | |
Raidiam a 228 | MsTh1 | Méiseatóiriam 1 | β− | 5.75 bliain | 0.046 | Achtainiam a 228 | |
Achtainiam a 228 | MsTh2 | Méiseatóiriam 2 | β− | 6.25 uair | 2.124 | Tóiriam a 228 | |
Tóiriam a 228 | RdTh | Radatóiriam | α | 1.9116 bliain | 5.520 | Raidiam a 224 | |
Raidiam a 224 | ThX | Tóiriam X | α | 3.6319 lá | 5.789 | Radón a 220 | |
Radón a 220 | Tn | Tórón | α | 55.6 soicind | 6.404 | Polóiniam a 216 | |
Polóiniam a 216 | ThA | Tóiriam A | α | 0.145 soicind | 6.906 | Luaidhe a 212 | |
Luaidhe a 212 | ThB | Tóiriam B | β− | 10.64 uair | 0.570 | Biosmat a 212 | |
Biosmat a 212 | ThC | Tóiriam C | β− 64.06% α 35.94% |
60.55 nóiméad | 2.252 6.208 |
Polóiniam a 212 Tailliam a 208 | |
Polóiniam a 212 | ThC' | Tóiriam C' | α | 299 nanashoicind | 8.955 | Luaidhe a 208 | |
Tailliam a 208 | ThC" | Tóiriam C" | β− | 3.053 min | 4.999 | Luaidhe a 208 | |
Luaidhe a 208 | . | cobhsaí | . | . |
Sraith an neiptiúiniam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Núiclíd | Cineál meatha | Leathré | An oiread fuinnimh a scaoiltear saor sa mheath, aonad: MeV nó meigileictreonvolt | Iníoniseatóp (an t-iseatóp is toradh don mheath) | Meathshlabhra (Sraith an neiptiúiniam) |
---|---|---|---|---|---|
Calafoirniam a 249 | α | 351 bliain | 5.813+.388 | Ciúiriam a 245 | |
Ciúiriam a 245 | α | 8500 bliain | 5.362+.175 | Plútóiniam a 241 | |
Plútóiniam a 241 | β− | 14.4 bliain | 0.021 | Aimeiriciam a 241 | |
Aimeiriciam a 241 | α | 432.7 bliain | 5.638 | Neiptiúiniam a 237 | |
Neiptiúiniam a 237 | α | 2.14·106 bliain | 4.959 | Prótachtainiam a 233 | |
Prótachtainiam a 233 | β− | 27.0 lá | 0.571 | Úráiniam a 233 | |
Úráiniam a 233 | α | 1.592·105 bliain | 4.909 | Tóiriam a 229 | |
Tóiriam a 229 | α | 7340 bliain | 5.168 | Raidiam a 225 | |
Raidiam a 225 | β− | 14.9 lá | 0.36 | Achtainiam a 225 | |
Achtainiam a 225 | α | 10.0 lá | 5.935 | Frainciam a 221 | |
Frainciam a 221 | α | 4.8 nóiméad | 6.3 | Astaitín a 217 | |
Astaitín a 217 | α | 32 milleasoicind | 7.0 | Biosmat a 213 | |
Biosmat a 213 | β− 97.80% α 2.20% |
46.5 min | 1.423 5.87 |
Polóiniam a 213 Tailliam a 209 | |
Polóiniam a 213 | α | 3.72 micreasoicind | 8.536 | Luaidhe a 209 | |
Tailliam a 209 | β− | 2.2 nóiméad | 3.99 | Luaidhe a 209 | |
Luaidhe a 209 | β− | 3.25 uair | 0.644 | Biosmat a 209 | |
Biosmat a 209 | α | 1.9·1019 bliain | 3.14 | Tailliam a 205 | |
Tailliam a 205 | . | cobhsaí | . | . |
Sraith an úráiniam (nó, sraith an raidiam)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Núiclíd | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) | Cineál meatha | Leathré | An fuinneamh a scaoiltear saor sa mheath (aonad: meigileictreonvolt) | An núiclid is toradh don mheath (an t-iníoniseatóp) |
---|---|---|---|---|---|---|
Úráiniam a 238 | U | Úráiniam (an t-iseatóp is coitianta) | α | 4.468·109 bliain | 4.270 | Tóiriam a 234 |
Tóiriam a 234 | UX1 | Úráiniam X1 | β− | 24.10 lá | 0.273 | Prótachtainiam a 234 |
Prótachtainiam a 234 | UX2 | Úráiniam X2 | β− 99.84 % trasdul isiméireach 0.16 % |
1.16 nóiméad | 2.271 0.074 |
Úráiniam a 234 Prótachtainiam a 234 |
Prótachtainiam a 234 | UZ | Úráiniam Z | β− | 6.70 uair | 2.197 | Úráiniam a 234 |
Úráiniam a 234 | UII | Úráiniam a Dó | α | 245500 bliain | 4.859 | Tóiriam a 230 |
Tóiriam a 230 | Io | Ióiniam | α | 75380 bliain | 4.770 | Raidiam a 226 |
Raidiam a 226 | Ra | Raidiam | α | 1602 bliain | 4.871 | Radón a 222 |
Radón a 222 | Rn | Radón | α | 3.8235 lá | 5.590 | Polóiniam a 218 |
Polóiniam a 218 | RaA | Raidiam A | α 99.98 % β− 0.02 % |
3.10 nóiméad | 6.115 0.265 |
Luaidhe a 214 Astaitín a 218 |
Astaitín a 218 | α 99.90 % β− 0.10 % |
1.5 soicind | 6.874 2.883 |
Biosmat a 214 Radón a 218 | ||
Radón a 218 | α | 35 milleasoicind | 7.263 | Polóiniam a 214 | ||
Luaidhe a 214 | RaB | Raidiam B | β− | 26.8 nóiméad | 1.024 | Biosmat a 214 |
Biosmat a 214 | RaC | Raidiam C | β− 99.98 % α 0.02 % |
19.9 nóiméad | 3.272 5.617 |
Polóiniam a 214 Tailliam a 210 |
Polóiniam a 214 | RaC' | Raidiam C' | α | 0.1643 milleasoicind | 7.883 | Luaidhe a 210 |
Tailliam a 210 | RaC" | Raidiam C" | β− | 1.30 nóiméad | 5.484 | Luaidhe a 210 |
Luaidhe a 210 | RaD | Raidiam D | β− | 22.3 a | 0.064 | Biosmat a 210 |
Biosmat a 210 | RaE | Raidiam E | β− 99.99987% α 0.00013% |
5.013 lá | 1.426 5.982 |
Polóiniam a 210 Tailliam a 206 |
Polóiniam a 210 | RaF | Raidiam F | α | 138.376 lá | 5.407 | Luaidhe a 206 |
Tailliam a 206 | RaE" | Raidiam E" | β− | 4.199 nóiméad | 1.533 | Luaidhe a 206 |
Luaidhe a 206 | - | cobhsaí | - | - |
Sraith an achtainiam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Núiclíd | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) | Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) | Cineál meatha | Leathré | An fuinneamh a scaoiltear saor sa mheath (aonad: meigileictreonvolt, MeV) | An núiclíd is toradh don mheath (an t-iníoniseatóp) |
---|---|---|---|---|---|---|
Plútóiniam a 239 | α | 2.41·104 bliain | 5.244 | Úráiniam a 235 | ||
Úráiniam a 235 | AcU | Achtain-Úráiniam | α | 7.04·108 bliain | 4.678 | Tóiriam a 231 |
Tóiriam a 231 | UY | Úráiniam Y | β− | 25.52 uair | 0.391 | Prótachtainiam a 231 |
Prótachtainiam a 231 | α | 32760 bliain | 5.150 | Achtainiam a 227 | ||
Achtainiam a 227 | Ac | Achtainiam | β− 98.62% α 1.38% |
21.772 bliain | 0.045 5.042 |
Tóiriam a 227 Frainciam a 223 |
Tóiriam a 227 | RdAc | Radachtainiam | α | 18.68 lá | 6.147 | Raidiam a 223 |
Frainciam a 223 | AcK | Achtainiam K | β− 99.994% α 0.006% |
22.00 nóiméad | 1.149 5.340 |
Raidiam a 223 Astaitín a 219 |
Raidiam a 223 | AcX | Achtainiam X | α | 11.43 lá | 5.979 | Radón a 219 |
Astaitín a 219 | α 97.00% β− 3.00% |
56 soicind | 6.275 1.700 |
Biosmat a 215 Radón a 219 | ||
Radón a 219 | An | Achtanón | α | 3.96 soicind | 6.946 | Polóiniam a 215 |
Biosmat a 215 | β− | 7.6 nóiméad | 2.250 | Polóiniam a 215 | ||
Polóiniam a 215 | AcA | Achtainiam A | α 99.99977% β− 0.00023% |
1.781 milleasoicind | 7.527 0.715 |
Luaidhe a 211 Astaitín a 215 |
Astaitín a 215 | α | 0.1 milleasoicind | 8.178 | Biosmat a 211 | ||
Luaidhe a 211 | AcB | Achtainiam B | β− | 36.1 nóiméad | 1.367 | Biosmat a 211 |
Biosmat a 211 | AcC | Achtainiam C | α 99.724% β− 0.276% |
2.14 nóiméad | 6.751 0.575 |
Tailliam a 207 Polóiniam a 211 |
Polóiniam a 211 | AcC' | Achtainiam C' | α | 516 milleasoicind | 7.595 | Luaidhe 207 |
Tailliam a 207 | AcC" | Achtainiam C" | β− | 4.77 nóiméad | 1.418 | Luaidhe a 207 |
Luaidhe a 207 | . | cobhsaí | . | . |