Lus buí Albanach
Cuma
Calendula officinalis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | calendula flower (en) agus ola síolta Calendula officinalis |
Planda | |
Dath na mbláthanna | buí, flannbhuí agus dath cré-umhaí |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Treibh | Calenduleae |
Géineas | Calendula |
Speiceas | Calendula officinalis L., 1753 |
Planda bliantúil nó ilbhliantúil a fhásann 70 cm ar airde is ea lus buí Albanach nó ór Muire (Calendula officinalis).[1] Rud beag greamaitheach don tadhall. Na duilleoga liánchruthach, na bláthchinn aonaracha suas le 7 cm ar leithead, na bláthóga gathacha seachtracha flannbhuí nó buí, i gcuid mhaith línte go minic, an toradh bádchruthach. Is planda coitianta gairdín é. Tá sé á shaothrú chomh fada sin agus san oiread sin áiteanna nach bhfuiltear lánchinnte cárb as dó, ach ceaptar go bhfuil sé dúchasach do dheisceart na hEorpa. Bhaintí feidhm as na peitil thriomaithe chun im a dhathú agus úsáidtear iad chun sailéid a mhaisiú. Bíonn na duilleoga inite freisin ach dobhlasta go minic.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Calendula officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ór Muire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |