Liathlus
Cuma
Planda cumhra ilbhliantúil a fhásann 120 cm ar airde, dúchasach do chuid mhaith réigiún measartha. Na duilleoga roinnte go domhain, dúghlas ar barr agus airgeadach le ribí lomracha faoina mbun. Na bláthchinn scothdhearg/donn, líonmhar ach suarach, brúite ar ghais fhada dhuilleacha. Úsáidtear na duilleoga óga mar bhlastán ar ghé, lacha agus muiceoil.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Liathlus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 409.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |