Lá an Dreoilín
Cineál | lá saoire traidisiúin Ceilteach | ||
---|---|---|---|
Cuid de | ildiachas Ceilteach | ||
Lá | 26 Nollaig | ||
Tír | an Ríocht Aontaithe, Éire, an Fhrainc, an Bhreatain Bheag agus Talamh an Éisc agus Labradar | ||
Oidhreacht chultúrtha | |||
Fardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe na hÉireann | |||
In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig, nó Lá Fhéile Stiofáin, is é sin fiach an dreoilín. Tá sé de nós ag lucht an dreoilín - agus / nó na cleamairí - dul amach ag fiach chun an dreoilín bocht a mharú Lá Fhéile Stiofáin.[1] Sean-traidisiún atá i Lá an Dreoilín agus tá baint ag an Lá le miotaseolaíocht na gCeilteach agus na nGréagach.
An scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá scéal ann faoin dreoilín agus an chaoi a ndearnadh rí na n-éan di i gcomórtas leis na héin go léir eile. Socraíodh go ndéanfaí rí den éan a bheadh in ann eitilt níos airde sa spéir ná gach éan eile. Chuaigh an dreoilín i bhfolach i gcleiteacha droma an iolair i ngan fhios dó, agus nuair a d’eitil an t-iolar chomh hard agus a bhí sé in ann, léim an dreoilín dá dhroim, ag rá gurbh eisean rí na n-éan mar bhí sé níos airde sa spéir ná na héin go léir eile.[1]
I bhfinscéalta Aesóp[2] atá an tagairt is luaithe don scéal seo. Ach sa leagan Gaelach, nuair a théann an dreoilín síos i ndiaidh a dhuais a bhaint, gortaíonn an t-iolar a dhroim agus, mar gheall air sin, níl an dreoilín in ann eitilt ar feadh achar ama rófhada anois.
Scéal eile faoin dreoilín ná gur bhéic sé amach nuair a chonaic sé Naomh Stiofán (nó Íosa féin, ag brath ar an leagan den scéal) i bhfolach agus é ar a sheachnadh ó na Rómhánaigh, agus tar éis don dreoilín sceitheadh air rinneadh mairtíreach de Stiofán (nó Íosa). Is mar sin a thuill an dreoilín droch-chlú dó fhéin.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is traidisiún in Éirinn é, agus tá an Dreoilín á gceiliúradh sa Bhreatain freisin, go mór mhór sa Bhreatain Bheag. Bíonn go leor seó agus searmanais ag baint le ceiliúradh na féile seo. Téann "Lucht an dreoilín" ó theach go teach[3] (nó ó theach tábhairne go teach tábhairneǃ) ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, agus b'fhéidir ag bailiú airgid agus bia.[4] Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca.
San am a chuaigh thart théadh scata buachaillí, is é sin fir nach bhfuil pósta, amach agus iad gléasta i mbréagriocht, agus chuirfidís an dreoilín marbh bocht i mbosca agus théadh siad ó theach go teach ag iarraidh airgid chun an dreoilín a chur sa talamh. Mura dtabharfadh bean nó fear an tí airgead nó dá maslódh siad lucht an dreoilín, d’fhéadfadh siad an dreoilín a adhlacadh i dtalamh úinéir an tí agus bheadh mí-ádh ar an duine sin ar feadh bliana.[1]
Cé nach bhfuil an traidisiún chomh láidir agus chomh feiceálach in Éirinn anois agus a bhí, tá daoine ann atá ag iarraidh an traidisiún a thabhairt ar ais arís.
Piseoga
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gCiarraí, ní ití feoil an lá seo, cuing é seo a chuireadh na seandaoine orthu féin chun go mbeadh an tigh saor ó fhiabhras agus ó aicídí na bliana.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Caoimhín Ó Cadhla (2024-12-21). "Lá an Dreoilín – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ "Aesop's Fables" (as en) (2024-12-03). Wikipedia.
- ↑ "Lá an Dreoilín" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "Lá an Dreoilín < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "‘Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan, dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an inse…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.