Kwasi Kwarteng
Is polaiteoir de chuid Pháirtí Coimeádach na Breataine é Akwasi Addo Alfred Kwarteng (rugadh 26 Bealtaine 1975 ) [1] atá ina Fheisire Parlaiminte ó 2010 i leith.
Bhí sé ina Rúnaí Stáit Gnó, Fuinnimh agus Straitéise Tionsclaíocha ó 2021 go 2022, sula raibh sé ina Sheansailéir ar an Státchiste faoi Liz Truss ó Mheán Fómhair go Deireadh Fómhair 2022.[2] Briseadh as a phost i bhfianaise neamhghlacadh na margaí airgeadais lena pholasaithe fioscacha agus chomhéirí fheisirí parlaiminte an Pháirtí Chaomhaigh.[3][4]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Kwarteng i Londain do thuismitheoirí inimirceacha Gána i Waltham Forest,Buirg Londain ar an 26 Bealtaine 1975,[5] Ba é an t-aon leanbh [6] ag Alfred K. Kwarteng agus Charlotte Boaitey-Kwarteng, a chuaigh ar imirce ó Ghána mar mhac léinn sna 1960idí.[7] Is abhcóide í a mháthair [8] agus eacnamaí i Rúnaíocht an Chomhlathais a athair [7] [9] Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Eton agus i gColáiste na Tríonóide, Cambridge.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’oibrigh Kwarteng mar cholúnaí don Daily Telegraph agus mar anailísí airgeadais.
Sheas sé mar Fhéisire Parlaiminte do Spelthorne i dtuaisceart Surrey sa bhliain 2010. I mí na Samhna 2018, ceapadh Kwarteng ina Fho-Rúnaí Stáit ag an Roinn um Imeacht as an Aontas Eorpach. Tar éis Boris Johnson a bheith tofa mar Phríomh-Aire i mí Iúil 2019, tugadh ardú céime do Kwarteng agus ceapadh é mar Aire Stáit do Ghnó, d’Fhuinneamh agus d’Fhás Glan, ag freastal ar an gComh-Aireacht mar chuid den ról. I mí Eanáir 2021, tugadh ardú céime do Kwarteng arís mar Rúnaí Gnó, agus é ar an gcéad duine gorm ag fónamh mar Rúnaí Stáit .
Seansailéir ar an Státchiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis do Johnson éirí as a phost in 2022, thacaigh Kwarteng le hiarracht Liz Truss a bheith ina ceannaire Coimeádach. Tar éis do Truss a bheith ceaptha ina Príomh-Aire, cheap sí Kwarteng ina Seansailéir ar an Státchiste. Ar 23 Meán Fómhair, d'fhógair Kwarteng " mionbhuiséad " a cáineadh go forleathan agus a d'fhág go hachomair gur thit steirling go dtí an leibhéal is ísle riamh in aghaidh an dollair Mheiriceánaigh.
Briseadh Kwarteng as a phost ar 14 Deireadh Fómhair tar éis 38 lá, an dara tréimhse ba lú riamh mar Sheansailéir Státchiste na Breataine.[11][4] Tháinig Jeremy Hunt i gcomharbacht air. Tá Kwarteng an-mhór le Liz Truss agus thug sí le fios go mb'oth léi imeacht Kwasi Kwarteng; mhaígh sí go raibh an leas náisiúnta curtha aic roimh a leas féin.[3]
Agus é ag imeacht, dúirt Kwarteng gur chreid sé i gcónaí gurb í fís Truss an fhís cheart.
“Mar atá ráite agam go minic le roinnt seachtainí anuas, go bunúsach ní haon rogha é cloí leis an status quo. Rófhada atá an tír seo cráite ag rátaí fáis íseal agus cáin ard– is gá fós é sin a athrú chun go mbeadh rath ar an tír seo.”[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Kwasi Kwarteng MP". BBC Democracy Live. BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 March 2016. Dáta rochtana: 25 July 2010.
- ↑ “Kwasi Kwarteng out as chancellor after mini-budget backlash” (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 14 October 2022.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-10-14). "A thópar tugtha ag Liz Truss don Seansailéir Kwasi Kwarteng" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 tuairisc.ie (14 Deireadh Fómhair 2022). "Bata agus bóthar faighte ag Seansailéir Státchiste na Breataine Kwasi Kwarteng" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-15.
- ↑ Collingridge (16 January 2021). "Challenging brief for cabinet new boy Kwasi Kwarteng". The Sunday Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 January 2021. Dáta rochtana: 25 September 2022.
- ↑ Ellery (26 August 2022). "Kwasi Kwarteng: The 'amiable geek' set to be UK's next chancellor". The Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 August 2022. Dáta rochtana: 26 August 2022.
- ↑ 7.0 7.1 “Biography”. Kwart2010.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 May 2010. Archived at archive.org 10 July 2010.
- ↑ “'2 out of 12 at 100' – Marking 100 years of Women in Law”. Lady Margaret Hall, Oxford. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 October 2021. Dáta rochtana: 12 October 2021.
- ↑ Katwala (31 July 2011). "Kwasi Kwarteng: The rising star of politics and letters". The Observer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 September 2019. Dáta rochtana: 4 September 2019.
- ↑ HM Treasury (MF 2022). "The Growth Plan 2022: documents" (en). GOV.UK. Dáta rochtana: 2022-10-15.
- ↑ Ag Iain Macleod a bhí an tréimhse ba lú sa phost sin. I 1970, fuair Macleod bás tobann de bharr taom croí agus gan ach 30 lá caite aige mar Sheansailéir.