Josemaría Escrivá
Sagart Caitliceach Rómhánach Spáinneach ab ea Josemaria Escrivá de Balaguer y Albás (9 Eanáir 1902 - 26 Meitheamh 1975) a bhunaigh Opus Dei, eagraíocht de thuataí agus sagairt atá tiomnaithe don teagasc go dtugann Dia glaoch ar gach duine chun naofachta agus go bhféadfadh naofach a bheith mar thoradh ar an ngnáthshaol. Chanónaigh an Pápa Eoin Pól II é sa bhliain 2002, a dhearbhaigh gur cheart Josemaría a "áireamh i measc fhinnéithe móra na Críostaíochta.
Fuair Escrivá dochtúireacht sa dlí sibhialta in Universidad Complutense de Madrid (Gaeilge: Ollscoil Complutense i Maidrid) agus dochtúireacht sa diagacht in Pontificia Università Lateranense (Gaeilge Ollscoil Lateran sa Róimh). Ba é a phríomhobair ná tionscnamh, rialtas agus leathnú amach Opus Dei. Is é an foilseachán is cáiliúla ag Escrivá ná Camino, a aistríodh go 43 teanga agus a dhíol roinnt mhilliún cóip.
Cuireadh rúndacht, éilíteachas, cleachtais mar a bheadh cultas, agus baint pholaitiúil le cúiseanna na heite deise, amhail riail Francisco Franco sa Spáinn (1939-1975) síos do Escrivá agus Opus Dei. Tar éis a bháis, tharraing roinnt Chaitliceach agus an phreas domhanda aird ar a chanónú. D'áitigh roinnt iriseoirí a rinne imscrúdú ar stair Opus Dei, ina measc anailísí na Vatacáine John L. Allen Jr., go bhfuil go leor de na líomhaintí seo neamhchruthaithe nó tar éis fás ó líomhaintí ó naimhde Escrivá agus a eagraíocht.[1] Thacaigh an Cairdinéal Albino Luciani (an Pápa Eoin Pól I ina dhiaidh sin), [2] Eoin Pól II, Benedict XVI, Francis, Óscar Romero, agus go leor ceannairí Caitliceacha le teagasc Escrivá maidir leis an nglao uilíoch ar naofacht, ról na dtuataí, agus naomhú an ghnáthobair.[3] Dar le Allen, i measc Caitlicigh, tá Escrivá “á athbhreithniú ag cuid agus á urramú ag na milliúin níos mó”.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh José María Mariano Escrivá y Albás do José Escrivá y Corzán agus a bhean chéile, María de los Dolores Albás y Blanc an 9 Eanáir 1902, i mbaile beag Barbastro, i Huesca, Aragón, sa Spáinn, an dara duine as seisear leanaí agus an an chéad duine de bheirt mhac. Ceannaí agus comhpháirtí i gcuideachta teicstíle ab ea José Escrivá a rinneadh féimheach de sa deireadh, ag cur iallach ar an teaghlach athlonnú sa bhliain 1915 go cathair Logroño, i gCúige thuaidh La Rioja, áit ar oibrigh sé mar chléireach i siopa éadaí. Tuairiscítear gu bhraith Josemaría óg ar dtús gur “roghnaíodh é as rud éigin”, nuair a chonaic sé lorg coise fágtha sa sneachta ag manach ag siúl cosnochta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Zenit News Agency. http://www.zenit.org/article-12784?l=french
- ↑ A. Luciani, "Cercando Dio nel lavoro quotidiano", in Il Gazzettino, Venice, July 25, 1978.
- ↑ Opus Dei Official Site. http://www.opusdei.us/art.php?p=12238