Jon Kenny
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Nollaig 1957 An tOspidéal, Éire |
Bás | 15 Samhain 2024 66 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh croí) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse, fuirseoir |
Tréimhse oibre | 1972 – 2023 |
Teangacha | Béarla |
Ealaíontóirí gaolmhara | Pat Shortt |
Aisteoir agus fuirseoir as Co. Luimnigh ba ea Jon Kenny (12 Nollaig 1957 – 15 Samhain 2024), a bhain cáil amach mar dhuine den dís d'Unbelievables le Pat Shortt.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Co. Luimnigh ó dhúchas Jon Kenny. Bhain sé cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach sna 1990aidí lena leathbhádóir Pat Shortt ina seó d'Unbelievables mar bheirt shaoithiúil a raibh cora cainte tíorúla agus barrúla acu.
Shaothraigh sé a ghairm mar aisteoir sna scannáin The Van, Les Misérables (1998), Angela's Ashes, Mrs Brown's Boys D'Movie, Song of the Sea, Wolfwalkers, agus in 2023 i The Banshees of Inisherin,[2] áit ar oibrigh sé arís le Pat Shortt. Chonacthas é i gclár amháin den tsraith Father Ted chomh maith.[1]
Ar ardán na hamharclainne rinne sé drámaí mar The Matchmaker de chuid John B Keane; She Stoops to Conquer de chuid Oliver Goldsmith in Amharclann na Mainistreach agus an seo aonair de chuid Katie Holly Crowman, ina ndearna sé páirt dheich bpearsa.
Fuair Kenny bás ar an 15 Samhain 2024. 66 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé ag fáil cóir leighis le bliain anuas don ailse a bhí air.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-11-16). "An t-aisteoir agus an fuirseoir Jon Kenny tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Dá fheabhas an aisteoireacht níl ‘The Banshees of Inisherin’seo chomh maith lena cháil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-10-31). Dáta rochtana: 2024-11-16.