Jean-Claude Van Damme
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (nl) Jean-Claude Camille François Van Varenberg 18 Deireadh Fómhair 1960 64 bliana d'aois Berchem-Sainte-Agathe - Sint-Agatha-Berchem, An Bheilg |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Jean-Claude Van Damme |
Meáchan | 78 kg |
Airde | 177 cm |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scannán, scannán aicsin agus ealaín oscartha |
Suíomh oibre | An Bheilg |
Gairm | ealaíontóir comhraic, aisteoir |
Tréimhse oibre | 1983 – |
Teangacha | Fraincis na Beilge, an Fhraincis, an Ollainnis, Ollainnis na Beilge agus Béarla |
Spórt | cearáité |
Teaghlach | |
Céile | luach anaithnid (1980–1984), colscaradh luach anaithnid (1985–1986), colscaradh Gladys Portugues (1987–1992), colscaradh Darcy LaPier (1994–1997), colscaradh Gladys Portugues (1999–) |
Páiste | Kristopher Van Varenberg ( ) Bianca Bree ( Gladys Portugues) |
Athair | Eugene Van Varenberg agus Eliana Van Varenbergh |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | jcvdworld.com |
|
Is aisteoir Beilgeach é Jean-Claude Camille François Van Varenberg a rugadh ar an 18 Deireadh Fómhair 1960 agus a dtugtar Jean-Claude Van Damme, nó JCVD, air go proifisiúnta. Tá cáil ar Jean-Claude mar mháistir ealaíona comhraic, mar aisteoir, mar stiúirtheoir, agus as an bhfógra Volvo a rinne sé le déanaí beag (Samhain, 2013).
Seo sciar de na scannáin is cáiliúla leis: Bloodsport (1988), Kickboxer (1989), Universal Soldier (1992), Hard Target (1993), Street Fighter (1994), Timecop (1994), Sudden Death (1995), JCVD (2008) agus The Expendables 2 (2012). Tá liosta níos iomláine thíos.
Ealaíona comhraic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Jean-Claude ag foghlaim a cheirde ag aois an-óg, bhí sé aon bhliain déag d'aois nuair a thosaigh sé ag freastal ar an Centre National De Karaté (Ionad Náisiúnta Karate) sa Bheilg agus Claude Goetz ina mháistir aige. Bhí sé ceithre bliana ag traenáil nuair a ainmníodh ar fhoireann karate na Beilge é. Ina dhiaidh seo a thosaigh sé ar an karate teagmháil iomlán agus an chic-dhornálaíocht, ba Dominique Valera a thraenálaí ag an bpointe seo.
Obair Aisteoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-cháil ar Jean-Claude as na scannáin ealaíona comhraic agus aicsin a rinne sé idir 1984 agus nóchaidí, ach ní hiad seo amháin atá déanta ag an mBeilgeach ildánach. Cé gur ceap magaidh an seánra seo in amanna, d'fhéadfá rá go raibh an-rath ar chuid mhaith dá scannán agus na milliúin dollar tuillte ag Universal Soldier ($101 milliún) agus Timecop (os cionn $100 milliún) ón ndíoloifig.
Dúirt Sylvester Stalone go raibh seans maith ann go mbeidh carachtar Jean-Claude, Claude Villain, sa chéad leagan eile de The Expendables, The Expendables 3, ach tá an baol ann gur Mel Gibson a bheas ina phríomhbhithiúnach.
Bliain | Ainm an Scannáin | Ról | Nótaí Breise |
---|---|---|---|
1984 | Monaco Forever | Fear Aerach le Karate | - |
1984 | Breakin' | Sa lucht féachana | Gan chreidiúint |
1986 | No Retreat, No Surrender | Ivan Krushensky | Tugadh Karate Tiger ar an scannán freisin |
1987 | Bloodsport | Frank Dux | Cóiréagrafaí troideanna, scríbhneoir, eagarthóir, a chéad phíosa oibre le Bolo Yeung. |
1988 | Black Eagle | Andrei | Tugadh Red Eagle nó Red Hunter ar an scannán freisin. |
1989 | Cyborg | Gibson Rickenbacker | Eagarthóir |
1989 | Kickboxer | Kurt Sloane | Scríbhneoir, Tugadh Karate Tiger 3 ar an scannán freisin. |
1990 | Death Warrant | Louis Burke | - |
1990 | Lionheart | Lyon Gaultier | Cóiréagrafaí troideanna, Scríbhneoir, tugadh Leon nó Absent Without Leave ar an scannán freisin. |
1991 | Double Impact | Alex Wagner / Chad Wagner | Stiúirtheoir, Scríbhneoir. |
1992 | Universal Soldier | Luc Deveraux / GR44 | A chéad phíosa oibre le Dolph Lundgren. |
1993 | Last Action Hero | É féin | - |
1993 | Nowhere to Run | Sam Gillen | - |
1993 | Hard Target | Chance Boudreaux | - |
1994 | Timecop | Max Walker | - |
1994 | Street Fighter | Colonel William F. Guile | - |
1995 | Sudden Death | Darren McCord | - |
1996 | Maximum Risk | Alain Moreau / Mikhail Suverov | - |
1996 | The Quest | Christopher Dubois | Eagarthóir, Scríbhneoir. |
1997 | Double Team | Jack Quinn | - |
1998 | Knock Off | Marcus Ray | - |
1998 | Legionnaire | Alain Lefevre | Scríbhneoir, Léiritheoir. |
1999 | Universal Soldier: The Return | Luc Deveraux | Léiritheoir |
1999 | Inferno | Eddie Lomax | Léiritheoir, tugadh Desert Heat ar an scannán freisin. |
2001 | The Order | Rudy Cafmeyer / Charles Le Vaillant | Scríbhneoir |
2001 | Replicant | Edward "The Torch" Garrotte / Replicant | - |
2002 | Derailed | Jacques Kristoff | - |
2003 | In Hell | Kyle LeBlanc | - |
2004 | Wake of Death | Ben Archer | - |
2004 | Narco | Taibhse Jean-Claude, le Lenny | - |
2006 | The Hard Corps | Phillip Sauvage | - |
2006 | Second in Command | Sam Keenan | - |
2006 | The Exam | Charles | - |
2007 | Until Death | Anthony Stowe | - |
2008 | The Shepher: Border Control | Jack Robideaux | A chéad phíosa oibre le Scott Adkins |
2008 | JCVD | JCVD | Léiritheoir Feidhmiúcháin. |
2010 | Universal Soldier: Regeneration | Luc Deveraux | A chéad phíosa oibre le Andrei Arlovski. Seoladh srianta in Iosrael, i Singeapór, i bPoblacht na nOileán Filipíneach, sa Mhalaeisia, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, san India, san Iordáin, sa Liobáin, san Iodáil, sa tSeapáin, agus sa Phacastáin. |
2011 | Kung Fu Panda 2 | Master Croc | Mar ghuth-aisteoir. |
2011 | Assassination Games | Vincent Brazil | Seoladh srianta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa Rúis, agus san Úcráin. Ina Léiritheoir Feidhmiúcháin. Tugadh Weapon ar an scannán freisin. |
2011 | Beur sur la Ville | Colonel Merot | - |
2012 | Rzhevskiy vs. Napoleon | É féin | - |
2012 | Dragon Eyes | Jean-Luis Tiano | A chéad phíosa oibre le Cung Le agus Peter Weller. |
2012 | The Expendables 2 | Jean Vilain | - |
2012 | Universal Soldier: Day of Reckoning | Luc Deveraux | |
2012 | Six Bullets | Samson Gaul | - |
2012 | George | George | - |
2013 | Enemies Closer | Xander | - |
2014 | Swelter | Stillman | - |
2014 | Welcome to the Jungle | Storm Rotchild | - |
2014 | Full Love | Frenchy | - |
Teilifís
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Ainm an Chláir | Ról | Nótaí Breise |
---|---|---|---|
1996 | Friends | É féin | (Séasúr 2, Eagráin 12–13) |
2004 | Las Vegas | É féin | (Séasúr 1, Eagrán 15) |
2009 | Robot Chicken | É féin, Count Dracula, Rhett Butler | Guth-aisteoir (Séasúr 4, Eagrán 12) |
2011 | Jean Claude Van Damme: Behind Closed Doors | É féin | (Séasúr 1, Eagrán 8) |
2011 | Les Anges Gardiens | É féin | (Séasúr 1, Eagrán 20) |
Duaiseanna agus ainmniúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal na hOibre | Duais | Ról | Toradh |
---|---|---|---|---|
1988 | Bloodsport | Golden Rasberry Award | Réalt Nua is Measa | Ainmnithe |
1992 | Double Impact | MTV Movie Award | Fear is Tarraingtí | Ainmnithe |
1993 | Nowhere to Run | MTV Movie Award | Fear is Tarraingtí | Ainmnithe |
1994 | Hard Target | MTV Movie Award | Fear is Tarraingtí | Ainmnithe |
1994 | Hard Target | MTV Movie Award | Sraitheog Aicsin is Fearr | Ainmnithe |
1994 | Hard Target | Saturn Award | Scannán Uafáis is Fearr | Ainmnithe |
1998 | Double Team | Golden Raspberry Award | Leannáin is Measa (le Dennis Rodman) | Buaite |
1999 | Legionnaire | Saturn Award | Seoladh Fístéipe is Fearr | Ainmnithe |
2001 | Replicant | Video Premiere Award | Aisteoir is Fearr | Ainmnithe |
2008 | JCVD | Silver Leopard | Aisteoir is Fearr | Ainmnithe |
2008 | JCVD | Chlotrudis Award | Aisteoir is Fearr | Ainmnithe |
2009 | JCVD | TFCA Award | Taibhiú is Fearr, Fireann | Ainmnithe |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |