Iomáint
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | spórt foirne, cluiche liathróide agus na Cluichí Gaelacha |
---|---|
Tír dhúchais | Éire |
Fad ama | 70 min |
Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn den chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobtha ar domhan. Ceann de na cluichí Gaelacha atá ann, agus is é an Cumann Lúthchleas Gael a eagraíonn an spórt. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.
Is é cuspóir an chluiche ná níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Faightear pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir cuaillí na foirne eile. Tá trastomhas 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathar. As adhmad na fuinseoige a dhéantar an camán agus bíonn sé idir 26–40 orlach i leith. Bíonn ceann leata air ar a dtugtar bas. Tá an bas níos mó ar chamán an chúl báire, chun go mbeidh sé nó sí ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 ciliméadar san uair agus suas go 100m ar fhad.
Tá baint ag an iomáint le camanachd nó iomain, cluiche a imrítear in Albain den chuid is mó.
Ainmneacha ar an Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá réimse leathan ainmneacha a thugtar ar an gcluiche sa Ghaeilge.
- iomáint / iomáin / iománaíocht
- ag bualadh báire / báireoireacht / ag imirt báire / ag báire
- camánacht
- ag lúbadh na fuinseoige
- cluiche lúibe (is liathróide)
- hurláil
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh cosc ar iománaíocht a imirt faoi Reachtanna Chill Chainnigh sa 14ú haois..[1]
Rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]An pháirc imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte trasna na páirce ag 13 méadar, 20 méadar agus 65 méadar ó na cúl-línte. Is í an pháirc imeartha céanna a úsáidtear i bpeil Ghaelach.
Na foirne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cúig imreoir déag i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúl báire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lár-pháirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúl báire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.
An liathróid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:
- Ag tabhairt buail (nó poc) leis an gcamán
- Ag déanamh pas boise (nó pas láimhe) leis an lámh
- Ag ciceáil (tá sé ceadaithe, ach níl sé ró-éifeachtúil)
Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag piocadh na liathróide go díreach ón dtalamh
- Ag caitheamh na liathróide
- Ag rith níos mó ná ceithre choiscéim gan pasáil nó preab a dhéanamh ar an gcamán
- Ag gabháil na liathróide trí huaire i ndiaidh a chéile gan tadhall leis an talamh
- Ag caitheamh na liathróide ó lámh amháin go dtí an lámh eile
- Ag caitheamh nó ag tabhairt pas boise isteach sa chúl
- Ag caitheamh an chamáin
- Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid istigh sa chearnóg
Ag scóráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí phointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat glas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar thar an trasnán, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deiridh Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí chúilín).
Comórtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann
- Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta
- Corn an Iarnróid
- Corn Uí Rinn
- Corn Mhic Riocaird
- Craobh Iomána Sinsearach Club na hÉireann
- Craobh Iomána Faoi-21 na hÉireann
- Craobh Iomána Mionúrach na hÉireann
- Poc Fada
- Féile na nGael
- Iomána chomhrialacha Shinty/Iomáint, cluichí idirnáisiúnta idir Éire agus Alban
Iománaithe cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- D. S. Ó Ciara, Cill Chainnigh
- Criostóir Uí Rinn, Corcaigh
- Éadbhard Ó Cathaoir, Cill Chainnigh
- Nioclás Mac Riocaird, Loch Garman
- Mícheál Mac Aodha, (Luimneach
- Seán Ó Loingsigh, Corcaigh
- Seán Ó Dúghaill, Tiobraid Árann
- Brian Ó Faoileacháin, Uíbh Fhailí
- Nioclás Inglis, Tiobraid Árann
- Seán Ó Conghaile, Gaillimh
- Seán Ó Céin, Port Láirge
Foireann na Mílaoise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na himreoirí is fearr a d'imir an spórt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.
Cúl báire | |||
Máirtín "Tony" Ó Roideacháin (Tiobrad Árann) |
|||
Lánchúlaí deas | Lánchúlaí láir | Lánchúlaí clé | |
Seán Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Nioclás Ó Domhnaill (Loch Garman) |
Roibeaird Mac Riocaird (Loch Garman) | |
Leathchúlaí deas | Leathchúlaí láir | Leathchúlaí clé | |
Pádraig Ó Faoláin (Cill Chainnigh) |
Seán Ó Céin (Port Láirge) |
Brian Ó Faoileacháin (Uíbh Fhailí) | |
Lár na páirce | |||
Seán Ó Loingsigh (Corcaigh) |
Lorenzo Ó Meachair (Cill Chainnigh) | ||
Leatosaí deas | Leatosaí láir | Leatosaí clé | |
Criostóir Uí Rinn (Corcaigh) |
Mícheál Mac Aodha (Luimneach) |
Séamas Langtún (Cill Chainnigh) | |
Lántosaí deas | Lántosaí láir | Lántosaí clé | |
Éadbhard Ó Cathaoir (Cill Chainnigh) |
Réamann Ó Coimín (Corcaigh) |
Séamas Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ erc.ie. "Amlíne Iománaíochta". Dáta rochtana: 2023.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil an CLG.
- Iomáint ar shuíomh oifigiúil an CLG. Curtha i gcartlann 2004-05-28 ar an Wayback Machine
- Rialacha iomána. Curtha i gcartlann 2008-04-10 ar an Wayback Machine
- Treoracha iománaíochta: Uimhir a hAon Curtha i gcartlann 2009-09-29 ar an Wayback Machine, Uimhir a Dó Curtha i gcartlann 2009-09-29 ar an Wayback Machine, Uimhir a Trí Curtha i gcartlann 2009-09-29 ar an Wayback Machine.
- 'An Fear Rua - The GAA Unplugged!' Curtha i gcartlann 2010-04-08 ar an Wayback Machine
- Sports.ie Hurling, Nuacht, cluichí agus torthaí.[nasc briste go buan]
- The Continental Youth Championships Curtha i gcartlann 2006-08-21 ar an Wayback Machine.
- Iománaíocht san Airgintín.
- Iománaíocht san Astráil agus san Nua-Shéalainn.
- An chéad chluiche iomána i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
- Grianghrafanna ar an Sportsfile Sports Photo Agency.
- What is Hurling, ar youtube.
Na Cluichí Gaelacha |
||
Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr | |