Tá an Messiah, Water Music, agus Music for the Royal Fireworks i measc a chuid saothar is mó cáil. Bhí tionchar mór ag an gcumadóir Sasanach Henry Purcell ar Händel.
"Water Music". Iarradh ar Händel ceol a chumadh do chóisir le haghaidh Rí Seoirse 1. Bhí an chóisir le reáchtáil ar Abhainn na Tamais. Sheol an rí ó Whitehall go Chelsea ar bháirse agus lean báirse eile é, ar a raibh caoga ceoltóir agus iad ag seinm an an saothar seo. Thaitin sé chomh mór leis an rí gur seinneadh an ceol 3 huaire. Tá 17 ngluaiseacht sa saothar seo agus iad roinnte i 3 shraith. Ezio, Londain 1732
Ceoldráma Ottone. Chum Händel an saothar seo sa bhliain 1723.[2] Is áiria é ‘La Speranza’ ón gceoldráma Ottone. Is cineál ar leith áiria ar a dtugtar áiria da capo é La Speranza.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.