Gabhar fia
Capra hircus | |
---|---|
Fiaghabhar i nGleann dá Loch | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Treibh | Caprini |
Géineas | Capra |
Speiceas | Capra hircus L., 1758 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tugtar gabhar fia nó fiaghabhar ar ghabhar (Capra hircus nó Capra aegagrus hircus) tar éis dó a bheith fréamhaithe san fhiántas. Faightear fiaghabhair i go leor áiteanna ar fud an domhain: an Astráil, an Nua-Shéalainn, Éire, an Bhreatain Mhór, Haváí, an Bhrasaíl, Hondúras, an Liobáin, Panama, Madagascar, Oileáin Chomóra, Oileán Mhuirís, agus an Nua-Ghuine ina measc.
Tugadh fiaghabhair go hÉirinn breis is 4000 bliain ó shin chun leas a bhaint as a gcuid feola, bainne, agus gruaige. Faightear iad go hiondúil i réigiúin shléibhtiúla agus níl aon chreachadóirí aitheanta acu, ní fiú daoine.[1] Tá fiaghabhair coitianta i go leor ceantar ar chósta thiar na hÉireann, i Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí mar shampla. Tá thart ar 5,000 fiaghabhar in Éirinn, agus cé nach bhfuil siad cosanta go foirmiúil, is minic a dhéanann daoine neamhaird orthu agus ní sheilgtear iad de ghnáth. Déanann siad dochar do speicis dhúchasacha toisc go n-itheann siad féar, toir, agus crainn óga, ach níl aon phlean ann faoi láthair fáil réidh leo.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “The Feral Goats of Corrán Tuathail... -” (en-US). www.kerryclimbing.ie (6 June 2011). Dáta rochtana: 17 February 2020.
- ↑ “The feral goat ought to be cherished” (en). www.irishexaminer.com (6 November 2006). Dáta rochtana: 17 February 2020.