Foraois bháistí na hAmasóine
Cineál | Tropical forest (en) , speisialtacht agus réimse staidéir | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Meiriceá Theas | |||
Suíomh | ||||
Mór-roinn | Meiriceá | |||
Suíomh | Amazonia | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Trasnaíonn | Peiriú, Eacuadór, an Cholóim, Veiniséala, an Ghuáin, an Bhrasaíl, Suranam, an Fhrainc agus an Bholaiv | |||
Achar | 6,700,000 km² | |||
Is í foraois bháistí na hAmasóine an fhoraois bháistí is mó ar domhan. Tagann 20% d’ocsaigin an domhain uaithi.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chuid is mó den fhoraois suite sna tíortha seo a leanas; an Bhrasaíl, Peiriú,an Cholóim, Eacuadór, an Ghuáin agus Veiniséala.[2] Tá níos mó ná leath di sa Bhrasaíl. Tá an chuid is mó den abhantrach clúdaithe ag foraois bháistí na hAmasóine, ar a dtugtar 'Amazonia'. Le limistéar 500,500,000 km², de dhlúthfhoraois thrópaiceach, is í seo an fhoraois bháistí is mó ar domhan.
Nadúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cónaí ar thart ar na milliúin speiceas ainmhithe, plandaí agus feithidí i bhforaois bháistí na hAmasóine. Tá na milliúin sórt éagsúil feithide san fhoraois, cúig oiread sórt iasc ná mar atá in aibhneacha uile na hEorpa le chéile, agus 15% de speicis éan an domhain.
Dífhoraoisiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn foraois bháistí na hAmasóine sa nuacht de bharr an dífhoraoisiú atá ag tarlú ansin.[3][4] Léiríonn na staitisticí oifigiúlagur scriosadh os cionn 10,000 ciliméadar cearnach d’fhoraois na hAmasóine sa Bhrasaíl sa bhliain 2020– sin limistéir chontaetha na Gaillimhe agus an Chláir le chéile.[5]
Ó thús an 20ú haois, tá feirmeoirí agus mianadóirí ag déanamh ionraidh ar fhoraoiseacha na Brasaíle agus séasúr na dtinte mar sheift acu. Ní haon rud nua iad falscaithe an tséasúir thirim; cuid d’éiceachóras fhoraois bháistí na hAmasóine iad.
Thosaigh an fhadhb ag éirí níos measa sna 2010idí, go háirithe nuair a tháinig uachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, Jair Bolsonaro, i gcumhacht agus ag brath go mór ar thacaíocht na bhfeirmeoirí móra..Bhris falscaithe ollmhóra amach san fhoraois bháistí na hAmasóine sa bhliain 2019
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, tháinig na tíortha ina bhfuil foraois bháistí na hAmasóine suite ag teacht le chéile chun todhchaí an bhithchreasa a phlé. Bhí sé mar sprioc ag an gcruinniú mullaigh polasaí coiteann i leith na hAmasóine a cheapadh,[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Falscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine, 2019
- Abhantrach na hAmasóine
- Foraois bháistí
- Eagraíocht Chonradh na Amasóine[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG (M.F. 2014). "Eureka". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-10. Dáta rochtana: 2023-08-08.
- ↑ Goulding, M., Barthem, RB agus Duenas, R. (2003). The Smithsonian Atlas an Amazon , Smithsonian Books
- ↑ An tOllamh Liam Dolan, Ollamh le Luibheolaíochta in Ollscoil Oxford.F (20 MÁRTA 15). "Foraois Bháistí na hAmasóine ag fáil bháis - céard a chiallaíonn sé den aeráid?" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-08.
- ↑ "Deforestation of the Amazon rainforest" (as en) (2023-07-17). Wikipedia.
- ↑ Alex Hijmans (18 Lúnasa 2021). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáinne fí de thriomach agus falscaithe á thuar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-08.
- ↑ NÓS (2023-08-08). "Cruinniú mullaigh cinniúnach faoi thodhchaí na hAmasóine" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-08.
- ↑ "Amazon Cooperation Treaty Organization" (as en) (2023-08-07). Wikipedia.