Jump to content

Féile Scannán Sundance

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Scannán Sundance
Sundance Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 40° 39′ 34″ N, 111° 29′ 59″ O / 40.6594°N,111.4997°W / 40.6594; -111.4997
Cineálféile scannánaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1978 - 
Mí na blianaAn tEanáir Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPark City, Utah Cuir in eagar ar Wikidata, Utah, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsundance.org… Cuir in eagar ar Wikidata

X: sundancefest Cuir in eagar ar Wikidata

Féile scannán Meiriceánach a thionóltar go bliantúil in Utah is ea Féile Scannán Sundance. Clár de chuid Institiúid Sundance atá ann. Is é an fhéile scannán is mó sna Stáit Aontaithe i gcomhar scannán neamhspleách.

Bíonn an fhéile ar siúl sa gheimhreadh, ag tosnú i mí Eanáir de ghnáth, gach bliain in Park City, Salt Lake City, Ogden agus ag Baile Saoire Sundance. Deis é saothair ó lucht déanta scannán neamhspleách as Meiriceá agus gach cearn den domhan a thaispeáint don saol mór.

Ar na reanna inchomórtais tá scannáin drámatúla agus doiciméadacha, gearra agus fada. Ar na reanna gan chomórtas tá NEXT, New Frontier, Spotlight agus Park City at Midnight.

Tionóladh an chéad fhéile scannán Sundance in Salt Lake City sa bhliain 1978 agus féile 2015 ar 1 Feabhra 2015.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]