Deartháireacha Lumière
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Auguste et Louis Lumière ![]() |
---|---|
Ball | |
Grúpa | dísreach siblíní ![]() |
Louis Lumière (Besançon, 5 Deireadh Fómhair 1864 - Bandol, 6 Meitheamh 1948). Cumadóir Auguste Lumière (Besançon, 19 Deireadh Fómhair 1862 - 7ú arrondissement Lyon, 10 Aibreán 1954). Cumadóir ![]() | |
![]() |
Ceimiceoirí agus ceannródaithe scannánaíochta ba ea na Deartháireacha Lumière a rugadh i mBesançon na Fraince , Louis Jean Lumière (5 Deireadh Fómhair 1864 – 6 Meitheamh 1948) agus Auguste Marie Louis Nicolas (19 Deireadh Fómhair 1862 – 10 Aibreán 1954).
Sa bhliain 1893 d'fhorbair siad an chéad chinecheamara, an cinématographe, agus ba iad a chéadléirigh scannáin reatha ag baint úsáid as teilgean sa bhliain 1895.[1]
Deirtear gurbh iad na deartháireacha Lumière a thug an scannánaíocht ar an tsaol ach ba é Hollywood a rinne tionsclaíocht di trí chomhcheangal ceartingearach agus trí mhúnla na líne cóimeála.[2]

Teicneolaíocht na scannánaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tosaíodh ar cheamairí agus teilgeoirí scannáin a tháirgeadh sna 1890idí. Rinneadh mionchoigeartú agus feabhsúcháin orthu sin agus ní fada go raibh ceamaraí níos mó agus níos fearr á ndéanamh sa chaoi go bhféadfaí spóil scannáin níos mó a chur iontu. Bhí na chéad scannáin a rinne Auguste agus Louis Lumière (ceannródaithe scannánaíochta de chuid na Fraince) níos giorra ná aon nóiméad amháin ar fad. Sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh fad le scannáin go dtí go raibh siad 10 nó 15 nóiméad ar fad – fad aon spóil scannáin amháin.[3]
Ceamara
[cuir in eagar | athraigh foinse]De lámh a chastaí na ceamaraí agus na teilgeoirí luatha. An té a bhíodh ag oibriú an cheamara, rialaíodh sé luas an scannáin ach an hanla a chasadh níos tapúla nó níos moille. Ach an scannán a chasadh ar ardluas le linn an taifeadta, bhíodh cuma mhoillithe ar an aicsean nuair a sheinntí an scannán ar scáileán ar an ngnáthluas. Ar an nós céanna, ach an scannán a chasadh go mall, d’fhéadfaí an t-aicsean a luathú nuair a sheinntí an scannán, rud a bhí le feiceáil go minic sna scannáin luatha, go háirithe nuair a bhíothas sa tóir ar dhuine.
Cuireadh mótar tochrais sna ceamaraí ina dhiaidh sin. Choinnigh an mótar luas seasmhach de 16 fhráma in aghaidh an tsoicind faoin scannánú agus d’fhág sé go raibh gluaiseacht níos réidhe ann.[3]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Louis bás in Bandol ar Rivière na Fraince sa bhliain 1948. D'éag Auguste sa bhliain 1954 in Lyon na Fraince.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Lumière Gaelacha, clár TG4 faoi na deartháireacha Horgan as Eochaill, ceannródaithe grianghrafadóireachta, scannánaíochta agus beochana a thug faoin gceird seo ag an am céanna leis na deartháireacha Lumière sa bhFrainc.[4][5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Louis Jean Lumière agus Marie Louis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.
- ↑ ccea.org.uk. "CÓRAS STIÚIDEO HOLLYWOOD". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 3.0 3.1 forasnagaeilge.ie. "STAIDÉAR SCANNÁN". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Clancy, Darina (2024-12-10). "The Horgan Brothers: The Irish Lumières" (en). Mercier Press. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Irish pioneers in photography, cinema, and animation explored in TG4 doc" (en). IrishCentral.com (2024-12-26). Dáta rochtana: 2025-03-22.