Cath an Oileáin Fhada
Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | cath |
Dáta | 27 Lúnasa 1776 |
Comhordanáidí | 40° 39′ 54″ N, 73° 58′ 52″ O / 40.665°N,73.981°W |
Áit | Brooklyn |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rannpháirtithe | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na Breataine Móire |
Ar an 27 Lúnasa 1776, troideadh Cath an Oileáin Fhada (nó Cath Bhrooklyn uaireanta) le linn Chogadh Saoirse Mheiriceá i mBrooklyn, an cath ba mhó sa Chogadh iomlán. Bhí an tArm Ilchríochach suite i nDroim Gowanus in iarthuaisceart Bhrooklyn, agus an bealach go Manhattan á chosaint acu. Briseadh ar na Meiriceánaigh sa chath fuilteach. Bhí na fórsaí ríoga, idir Bhriotanaigh agus Heiseánaigh, dhá oiread níos mó (20,000) ná na Meiriceánaigh (10,000).
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1f/Battleoflongisland.jpg/220px-Battleoflongisland.jpg)
Bhí amhras ar chumas an Ghinearáil George Washington ina dhiaidh seo. Ach d’éirigh leis go seoigh an t-arm Meiriceánach a choimeád le chéile; ar an 29/30 Lúnasa, chúlaigh siad siar chuig Manhattan.
Tharla an rud a b’uafásaí sa chogadh mar gheall ar an chath seo, áfach, mar chuir na Sasanaigh roinnt mílte príosúnach Meiriceánach i seanlonga lofa i mBá Wallabout sa chuan amach ó Bhrooklyn. Fuair níos mó Meiriceánach bás ón drochíde a bhfuair siad ansin ná mar a cailleadh i ngach cath eile sa chogadh curtha in éindí.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b9/U.S._Army_-_Artillery_Retreat_from_Long_Island_1776.jpg/220px-U.S._Army_-_Artillery_Retreat_from_Long_Island_1776.jpg)
D’fhan Brooklyn faoi riail na mBriotanach go deireadh an chogaidh. Bhí an geilleagar agus an saol sóisialta in aimhréidh áirithe go dtí sin agus go ceann tamaill ina dhiaidh.