Calcalas suimeálach
Is éard atá i gceist le calcalas suimeálach[1] ná rialacha matamaiticiúla, a shainmhínitear go minic mar inbhéartú na difreála, ach a forbraíodh iontu féin ag an matamaiticeoir Gearmánach Bernhardt Riemann (1826-1866) is matamaiticeoirí eile. Úsáidtear é chun an fhairsinge faoi chuar a dhéanamh amach. Má sheasann f(x) don chuar, roinntear an fhairsinge idir an fheidhm f(x) is an x-ais ina n stiall dhronuilleogach, gach ceann ar an leithead céanna. De réir mar a théann n i méid, téann suim fhairsinge na ndronuilleog níos gaire don fhairsinge faoin gcuar, is é sin an tsuimeáil idir luachanna ar leith x. Rinne an matamaiticeaoir Francach Henri Lebesgue (1875-1941) forbairtí ar theoiric Riemann a d'éascaigh cuid mhaith feidhmeanna nua-aoiseacha.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““calcalas suimeálach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-09.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Calcalas suimeálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |