Cairdinéal
Cuma


Is ball de chléir na hEaglaise Caitlicí é Cairdinéal atá ainmnithe mar chomhairleoir pearsanta don Phápa, an chéim is airde san eaglais seachas an pápa féin.
Tugtar Coláiste na gCairdinéal (Collegium Cardinalium) orthu mar ghrúpa, agus feidhmíonn siad mar chomhairleoirí ar feadh a saoil, nó go dtí go gcuirtear an teideal oinigh ar ceal. Is é an cúram is sollúnta atá orthu ná pápa nua a thoghadh i gcomhthionól (le roinnt eisceachtaí), nuair a bhíonn an Suí Naofa folamh.