C. J. Ó Maolmhuaidh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1989 34/35 bliana d'aois Hawthorne, New York |
Gníomhaíocht | |
Gairm | imreoir peile Gaelaí |
Spórt | peil Ghaelach |
Is lúthchleasaí Meiriceánach é C. J. Ó Maolmhuaidh (Béarla: C.J. Molloy) (rugadh 1989). D'imir sé do Nua Eabhrac i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann.
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Maolmhuaidh i 1989. Mac le Connie Ó Maolmhuaidh, bainisteoir agus iarimreoir le foireann Nua Eabhrac, é [1][2] agus is as Hawthorne, atá timpeall tríocha míle lastuaidh de Manhattan, ó dhúchas é. Is nia le hAntóin Ó Maolmhuaidh, an captaen a bhain Craobh na hÉireann i 1992, é.[3] Chaith sé samhraí i nDún na nGall, i nGaillimh agus i dTrá Lí nuair a bhí sé óg.[4]
Fuair Molloy scoláireacht cispheile ó Union College atá suite trí uair go leith ó Chathair Nua-Eabhrac. Mar sin féin, d'fhill sé ar an Bronx trí huaire sa tseachtain le freastail ar thraenáil peile. Ar deireadh thiar d'éirigh sé as an chispheil i ndiaidh cúpla mí le díriú ar an pheil.[5]
Rinne sé staidéar ag Union College idir 2007 agus 2011, agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in Eolaíocht Pholaitiúil agus Rialtas. Rinne sé Máistreacht RiaracháIn Gnó i mBainistíocht in Ollscoil Iona idir 2012 agus 2014.[6]
Gairm Imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’imir Ó Maolmhuaidh d’fhoirne Nua-Eabhrac i gcomórtais Fhéile uile-Éireann faoi-14 i 2002 i gCeatharlach agus i 2003 i nGaillimh.[4]
D'imir Ó Maolmhuaidh a chéad chluiche sinsearach le Nua-Eabhrac i 2008 i gcluiche in éadan Liatroma.[5][2][7] Cuireadh as é in 2013 nuair a d’fhág Nua-Eabhrac an Chraobh i ndiaidh dóibh cailleadh in éadan Liatroma, a bhí ag pilleadh ar an Bronx don chéad uair ó chéad chluiche Uí Mhaolmhuaidh.[8]
D’imir sé i gcluiche All Stars 2012 agus scóráil sé cúl.[5] Bhuail sé le bainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness, ansin agus thug McGuinness cuireadh go Dún na nGall d'Ó Maolmhuaidh.[9]
D’eitil Ó Maolmhuaidh go Dún na nGall. Bhí sé rannpháirteach le foireann chontae Dhún na nGall ó tháinig sé i lár mhí Feabhra 2014 ach scar sé uathu in 2015 agus é ag streachailt le gortuithe.
Nuair a bhog Ó Maolmhuaidh go hÉirinn, chuaigh sé ag imirt do chlub a uncail, Ard an Rátha.[10] Níor imir sé dóibh go dtí roimhe sin.[4] Bhí sé ina chaptaen club.[11]
In 2016, bhí páirt Ó Maolmhuaidh i bhfíseán Peil Ghaelach sráide— Peil Star 2 — le himreoirí Átha Cliath Shane Ó Carthaigh agus Diarmuid Ó Conghaile. San fhíseán, ciceann Connolly peil trasna na Life i mBaile Átha Cliath.[1]
Scóráil sé iomaitheoir do chúl an tséasúir i gcoinne Seaimpíní Sinsear Peile Dhún na nGall, Gleann tSúilí, in 2017, cé gur chaill a fhoireann an cluiche.[12] Go díreach ó chaitheamh isteach an dara leithe, d'imigh sé ar ruathar aonair trí chosaint Ghleann tSúilí agus chiceáil sé an liathróid isteach sa líon ó fhad timpeall 25 slat.[13]
Bhí sé ag obair le McCann Fitzgerald idir Aibreán 2016 agus Feabhra 2018 nuair a bhog sé go Sanne Group.[6] Chaith sé an tréimhse idir Meán Fómhair 2015 agus Márta 2016 le Maples and Calder i mBaile Átha Cliath, agus d'oibrigh sé le Wilson Esler roimhe sin idir 2011 agus 2013.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "New York GAA star shows his mad Gaelic football streets skills in Dublin: CJ Molloy joined by Dublin GAA players for short-film and full kick across the River Liffey" (24 September 2016). Dáta rochtana: 24 September 2016. “Known as 'Big Ceej', Molloy has represented New York at all levels in Gaelic football… his father, Connie was a New York GAA player and manager.” Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "ic_24092016" defined multiple times with different content - ↑ 2.0 2.1 McMahon (3 May 2013). "Leitrim poised for winning start Stateside". RTÉ Sport. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 July 2013. Dáta rochtana: 3 May 2013. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "rte_03052013" defined multiple times with different content - ↑ "Molloy looks to second generation to shock Sligo". Hogan Stand (2 May 2012). Dáta rochtana: 2 May 2012.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "An American dream: Ardara's CJ Molloy aims to make a big impact". Donegal News (17 October 2014). Dáta rochtana: 17 October 2014. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "dn_17102014" defined multiple times with different content - ↑ 5.0 5.1 5.2 "A day in the life: New York's CJ Molloy". Hogan Stand (2 May 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-12-18. Dáta rochtana: 2 May 2013. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "hs_02052013" defined multiple times with different content - ↑ 6.0 6.1 6.2 “CJ Molloy”. LinkedIn. Dáta rochtana: 7 September 2019. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "linkedin" defined multiple times with different content - ↑ "Blue Blood CJ Molloy in a New York State of Mind" (3 May 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 May 2013. Dáta rochtana: 3 May 2013.
- ↑ "New York 0–07 Leitrim 4–19". RTÉ Sport (5 May 2013). Dáta rochtana: 5 May 2013. “New York's woes were compounded late on when CJ Molloy was dismissed for a second yellow card.”
- ↑ Donoghue (2 May 2019). "GAA Statistics: New York not doing enough to promote their own". The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-14.
- ↑ "McGrath returns as Ardara win". Donegal Democrat (21 April 2014). Dáta rochtana: 21 April 2014. “Ardara had moved into a 1–10 to 1–4 lead before C J Molloy and Thomas Boyle found the Termon net twice in a matter of minutes to stretch their team's lead out to 12 points with 20 minutes still on the clock.”
- ↑ "Ardara net first home win of the season against Termon". www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2019-12-14.
- ↑ Culhane (8 May 2017). "Former New York player scores wonder goal in Donegal championship". JOE.ie. Dáta rochtana: 5 April 2021.
- ↑ "CJ Molloy scores a cracking goal in Donegal SFC". Hogan Stand (8 May 2017). Dáta rochtana: 8 May 2017.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Agallamh le Wallace Media