Cúla4
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | bealach teilifíse | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 31 Deireadh Fómhair 1996 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Úinéir | Teilifís na Gaeilge | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.cula4.com | ||||
Is cainéal teilifíse agus bloc clár é Cúla4, dírithe ar pháistí idir 0-12 bhliain d’aois agus le fáil ar chainéal Saorview 18, Virgin Media 602, Sky/EIR 624, agus ar fáil ar líne chomh maith.[1][2][3] Feidhmíonn TG4 é.[4] Tugann Cúla4 teagmháil rialta don óige leis an nGaeilge.[5][6] Chomh maith le drámaíocht agus le beochana Gaeilge, bíonn cláir nuachta agus faisnéise ann chomh maith (mar shampla, Eco Laoch a thosaigh i Meán Fómhair 2022.[7]
Thosaigh an cainéal ag craoladh ar 8 Meán Fómhair 2023.
Forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an bloc cláir den chéad uair sa bhliain 1996 mar Cúlabúla; tar éis TnaG a athbhrandáil go TG4, athainmníodh Cúlabúla mar "Cúla4". Amhail an 1 Meán Fómhair 2009, tá Cúla4 ar fáil mar chainéal ar leithligh do chustaiméirí Virgin Media Ireland ar chainéal 602.
Tá an chuid is mó de na cláir comhdhéanta de chláir náisiúnta agus idirnáisiúnta, le dubáil nó fotheidil i nGaeilge. Bíonn ábhar ann coimisiúnaithe as an nua ón earnáil léiriúcháin neamhspleách in Éirinn, chomh maith le beochan idirnáisiúnta ceannaithe, athghuthaithe go Gaeilge ag an earnáil neamhspleách. Oibríonn Cúla4 le craoltóirí idirnáisiúnta chun leaganacha Gaeilge de shraitheanna teilifíse coitianta a tháirgeadh ar Nickelodeon, Cartoon Network agus PBS. Oibríonn sé freisin le cuideachtaí beochana náisiúnta chun cláir logánta a dhéanamh.
Tá cláir Cúla4 i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla, murab ionann agus a chomórtas ina bhfuil formhór a gcuid clár i mBéarla amháin (RTÉjr/TRTÉ, Nickelodeon, Cartoon Network agus Disney Channel).
Cainéal teilifíse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh sa bhliain 2022 go raibh cead faighte ag TG4 ón Roinn Cultúir agus Gaeltachta, Cúla4 a chraoladh ó 6am go dtí 8pm tráthnóna agus bhí maoiniú don chainéal curtha ar fáil i mbuiséad TG4 don bhliain 2023.[5][8][9]
Dúirt na comhairleoirí neamhspleácha a scríobh tuarascáil faoi phlean TG4 an cainéal nua a bhunú go bhfuil gach seans go laghdóidh líon na ndaoine a bheidh ag féachaint ar Cúla4[6] ; tuairiscítear gur laghdaigh na figiúirí féachana do chainéil atá dírithe ar leanaí faoina leath ó 2016, agus meastar go leanfaidh sé sin ar aghaidh toisc leanaí a bheith ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar ar líne.
Mar sin, caithfear freastal ar na páistí san áit a mbíonn siad – ar an bhfón póca nó ar tháibléid. De réir taighde a bhí déanta ag an gcomhlacht Communications Chambers,[10] ní bheadh ach thart ar 1,000 duine ar an meán ag breathnú ar Cúla4 agus is daoine fásta a deir siad, a bheidh i 90% acu. Fágann sin nach mbeidh ach 100 gasúr ar an meán ag breathnú ar an gcainéal nua.
Ach léirigh suirbhé eile náisiúnta a rinne Ipsos MRBI in 2022 go bhfuil tacaíocht shoiléir ag cainéal Cúla4.[4] Léiríodh i dtaighde neamhspleách a rinne RED C go mbíonn leas á bhaint go rialta as TG4 nó Seinnteoir Cúla4 sa seomra ranga ag 44% de na múinteoirí bunscoile, 80% de na múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge, agus 250,000 dalta bunscoile ar fud na hÉireann.
Tá seirbhís nuachta sé nóiméad ag an gcainéal ón Máirt go dtí an Aoine ag 1.30pm, léirithe ag Fíbín Media. Mar sin tá daoine óg in ann coinneáil cothrom le dáta leis an nuacht is déanaí agus iad sa seomra ranga.
Idirlíon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá fhíseán ar chainéal YouTube gach seachtain, Dé Luain agus Déardaoin, le freastal orthu siúd a úsáideann an t-ardán sin go príomha. Tá feidhm tábhachtach freisin leis an aip agus leis an seinnteoir freisin, áit a mbeidh cláracha ar fáil le híoslódáil le féachaint orthu nuair mian leis an lucht féachana.[11]
Bloic cláir i Cúla 4
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CÚLA4 NA nÓG: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 2 agus 5 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Elmo Anseo, Tar ag Spraoi Sesame, Dora, Ni Hao, Kai-Lan, Franny's Feet, Dive, Olly, Dive agus The Mr. Men Show.
- CÚLA4: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 6 agus 11 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Ben 10, Johnny Test, Spongebob SquarePants, Scanrúil Ó Rua, Back at the Barnyard, Eliot Kid, The Mighty B!, Skunk Fu, Bog Stop, Fanboy & Chum Chum agus Clarence.
- PONC: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 12 agus 18 bliana d'aois. Tá roinnt clár drámaíochta beo ann, mar shampla Aifric, agus seónna idirnáisiúnta mar H2O, Life with Derek, 8 Simple Rules, Pimp My Ride, My Super Sweet 16, The Hills, The City, Gossip Girl, South Park, One Tree Hill, Dance Academy, Switched at Birth, Wipeout agus What I Like About You.
Cláirː Cúla4 na nÓg
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Abby & Scoil Eitilte na Síoga
- Ag Spraoi le Claude
- Arán Draíochta
- Béar Mór agus Gíog
- Dora
- Eachtraí Bert & Ernie
- Elmo Anseo
- Global ag Taisteal
- Igam Ogam
- Inui
- Kioka
- Loopdidoo
- Mouk
- Ni Hao, Kai-Lan
- Olivia
- Óstán Furchester
- Raa Raa an Leon Glórach
- Rith Diego Rith
- Saol faoi Shráid
- Toto i dTrioblóid
- Tractor Tom
- Traein na nDineasár
- Wonder Pets
- Wow! Wow! Wubbzy!
Cláirː Cúla4
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Angelo Rules
- Atomic Betty
- Avatar: The Last Airbender
- Codename: Kids Next Door
- Doodlebops Rockin' Road Show
- Edgar and Ellen
- Eloise
- Firehouse Tales
- Foster's Home for Imaginary Friends
- Garfield
- I.N.K. Invisible Network of Kids
- Jay Jay The Jet Plane
- Lizzie McGuire
- Pet Alien
- Puppy in my Pocket
- Scaredy Squirrel
- The Batman
- Scéalta Tom & Jerry
- Winx Club
- Watership Down (craoladh anois ar RTEjr)
Tá Cúla 4 tar éis roinnt scannáin leanaí a chur i nGaeilge, mar Harry Potter, Jungledyret Hugo, Free Willy, Scooby Doo, Charlie and the Chocolate Factory, Thumbelina agus A Troll in Central Park.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Niamh Ní Chróinín, láithreoir
- The Den
- Nickelodeon
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Láithreán gréasáin oifigiúil (2023). "cula4.com/ga" (ga-IE). Cula4. Dáta rochtana: 2023-09-07.
- ↑ "Cúla4 - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-09-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-08). "Cúla4 le seoladh inniu!" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 Michelle NicPhaidin. "Seoladh CÚLA4 - an chéad chainéal Gaeilge riamh do dhaoine óga inniu" (gl). www.eirebheo.ie. Dáta rochtana: 2023-09-08.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-09-28). "Cead tugtha ag an Aire Catherine Martin do chainéal nua Cúla4" (as ga-IE).
- ↑ 6.0 6.1 "TUAIRIM TUAIRISC: Bunú Cúla4 – lá mór i stair na teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-08). Dáta rochtana: 2023-09-08.
- ↑ TG4 (2023). "FÍSEÁN: 'Más dúshlán é, is deis é chomh maith’ - cainéal nua Gaeilge do pháistí le seoladh" (as ga-IE).
- ↑ "CÚLA4 – cainéal nua le bunú ag TG4 dírithe ar ábhar do leanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-30.
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs named:1
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-03). "Ní aontaíonn TG4 gur luach teoranta a bhainfidh le cainéal Cúla4" (as ga-IE).
- ↑ RTÉ (2023-09-08). "Spás do pháistí agus don Ghaeilge: Cúla4 ar an bhfód" (as ga-IE).