Bréidín
Cuma
Fabraic gharbh throm olla le caitheamh ar an taobh amuigh. Rinneadh den chéad uair i ndeisceart na hAlban é, agus bhí cuid mhaith patrún difriúil ar an margadh. Cuir Bantiarna Dhún Mór déantúsaíocht an bhréidin ar aghaidh ar oileán na Hearadh sna 1850idí, agus d'éirigh léi a chur ina luí ar uaslathas na Breataine é a chaitheamh. Tá cuma thíriúil ar bhréidín traidisiúnta na Hearadh, ach bíonn na dearaí nua-aoiseacha ildaite agus níos éadroime.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bréidín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 89.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |