Bithóm
Cuma
Fo-roinnt dhromchla an Domhain ina réigiúin mhóra a chomhfhreagraíonn do phríomhéiceachórais na bpríomhréigiún aeráideach, le speicis shainiúla plandaí is foirmeacha beatha ar leith. Is bithóim na comhranguithe geografacha beo is mó a aithnítear, cosúil le bithóm an tundra, bithóm na ngaineamhleach, agus bithóm na foraoise báistí trópaicí. Cruthaítear bithóim shaorga freisin, cosúil le Tionscadal Éidin i gCorn na Breataine.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bithóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |