Balúin bhrathadóireachta na Síne
Cineál | conspóid idirnáisiúnta high-altitude object event (en) airspace intrusion (en) oibríocht mhíleata chinese intelligence activity abroad (en) | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 1 - 4 Feabhra 2023 | ||
Dáta na bliana | 2023 | ||
Suíomh | aerspás aerspás strataisféar | ||
Tír | Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Sprioc | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Cúis | reconnaissance (en) | ||
Líon básanna | 0 | ||
Líon gortaithe | 0 | ||
Meán cumarsáide | |||
Haischlib | #ChineseSpyBalloon agus #ShotDown |
Seolann an tSín balúin brathadóireachta os cionn na Stát Aontaithe go rialta, de réir údaráis Mheiriceá.[1] Tháinig an fhaisnéis chun solais ar 2/3 Feabhra 2023 le linn preasócáidí (mar shampla, an Peinteagán anseo). Roimh an ócáid, chonaic gnáthdhaoine an balún seo agus balúin eile; níor thuig siad céard a bhí ann (réad eitilte gan aithint b'fhéidir) agus bhí siad ag cur ceisteanna ar na húdaráis.[2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn 1943-1944, sheol impireacht na Seapáine 9,300 buama bhalún os cionn na Stát Aontaithe, na Fu-Go agus éifeachtach ach ar éigean ag an am.[3]
Feabhra 2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt oifigigh sna Stáit Aontaithe gur gléas brathadóireachta ba ea an balún a bhí ag foluain os cionn iarthar na tíre ag an am. Ón tSín a tháinig an balún, agus ag bailiú faisnéise a bhí, dar leo. Thug an preas "an tsúil sa spéir" ar an mbalún. Ag an am céanna, bhí sé tugtha le fios ag Rialtas Cheanada go raibh balún "brathadóireachta" ag foluain os cionn na tíre sin freisin.[4]
Tháinig an t-eolas chun solais ag am míthráthúil, agus Runaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken le dul ar cuairt go Béising. Thug Rialtas na Síne le fios gur aerlong shibhialtach a cuireadh dá cúrsa a bhí sa bhalún.[4] Ar 4 Feabhra, scriosadh an balún faireachais amach ó chósta thoir na Stát Aontaithe, Na Carolinas [5]
Eachtraí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna laethanta dár gcionn, bhí árthaigh eile tugtha go talamh ag aerfhórsa na Stát Aontaithe, ar an 10, 11, 12 Feabhra srl. Ar 11 Feabhra, scaoil eitleán cogaidh árthach neamhaitheanta a bhí ar foluain os cionn Loch Huron ar an teorainn le Ceanada.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Live: Pentagon holds briefing amid Chinese spy balloon incident" (as Béarla) (3 Feabhra 2023).
- ↑ 2.0 2.1 Reuters (2023-02-03). "Spy balloon witness thought it might have been a star or UFO" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-02-03.
- ↑ 3.0 3.1 "Fu-Go balloon bomb" (as en) (2023-02-03). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-02-03). "Balún "brathadóireachta" ag foluain os cionn na Stát Aontaithe" (as ga-IE).
- ↑ "Mystery surrounds objects shot down by US military" (en-GB). BBC News (2023-02-12). Dáta rochtana: 2023-02-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-02-13). "Árthach eile caite anuas ag aerfhórsa na Stát Aontaithe" (as ga).