Art Nouveau
Cuma
Art nouveau a thugtar ar ghluaiseacht sna healaíona maisithe a bhí chun tosaigh i 1890-1905, le móitífeanna plandaí is bláthanna nádúraíocha, agus patrúin línte lúbacha chorntha mar shaintréithe. I measc na dtáirgí suntasacha sa stíl seo bhí líníocht Beardsley, troscán Mackintosh, ailtireacht Gaudí, seodra Lalique, earraí gloine Louis Comfort Tiffany (1848-1933), agus na stáisiúin ar Métro Pháras a dhear Hector Guimard (1867-1942).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Art Nouveau". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |