Alúmanam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, miotal agus dúil litifileach |
---|---|
Alúmanam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Al |
Uimhir adamhach | 13 |
Mais adamhach | 26.9815384 |
Cumraíocht leictreon | [Ne] 3s² 3p¹ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p¹ |
Peiriad, Grúpa | peiread 3 grúpa 13 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 2.7 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,220 agus 660 |
Fiuchphointe | 4,221 agus 2,327 |
Leictridhiúltacht | 1.61 |
Ga ianach | 0.39, 0.48 agus 0.54 |
Stair | |
Aimsitheoir | Hans Christian Ørsted agus Humphry Davy |
Fionnachtain | 1825 |
Eapainm | alúm |
Is dúil cheimiceach é an t-alúmanam. Is í an mhais adamhach atá aige ná 26.9815 g/mol. Is í an uimhir adamhach ná 13 agus is í an tsiombail cheimiceach ná Al. Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ceimiceacha ná +3.
Miotal insínte lonrach é an t-alúmanam. Tá sé ar an miotal is coitianta i screamh an Domhain, agus ar an tríú dúil cheimiceach is coitianta ar fad. Nuair a oibríonn ocsaigin an atmaisféir ar an alúmanam, éighníomhaítear é - is é sin, tagann brat ocsaíde ar an alúmanam, agus ós rud é go bhfuil ocsaíd an alúmanaim an-chrua, cosnaíonn sí an miotal istigh ar an gcreimeadh. Mar sin féin, tá an t-alúmanam araiciseach go maith chun imoibriúcháin leis na dúile eile, agus ní bhíonn sé ar fáil sa dúlra i bhfoirm mhiotail, cé go mbíonn mianta éagsúla alúmanaim coitianta go leor.
Is féidir an t-alúmanam a aithint thar na miotail eile go héasca, nó fágann an brat ocsaíde cuma ar leith air - baineann sé an loinnir de, ionas go sílfeá ar dtús nach miotal é ar aon nós ach plaisteach a bhfuil dath an mhiotail ann. Thairis sin, tá sé níos éadroime ná mar a shamhlófá le miotal.
Is í an bháicsít an mhian is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim. Ocsaíd neamhghlan alúmanaim atá ann. Tá a leáphointe an-ard, ach is féidir í a thuaslagadh i gcrióilít leáite agus a leictrealú. Is éard atá sa chrióilít ná heicseafluaralúmanáit sóidiam, Na3AlF6.
Tá an t-alúmanam iontach tábhachtach mar mhiotal, nó tá sé an-éadrom agus an-díonta ar an gcreimeadh. Úsáidtear an t-alúmanam agus a chuid cóimhiotal sna heitleáin, mar shampla. Seoltóir maith teasa agus leictreachais é freisin.
Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an alúmanam, mar atá, alúmanam a 27 agus alúmanam a 26. Iseatóp cobhsaí é alúmanam a 27, ach is féidir iarsmaí beaga den iseatóp eile a aimsiú sa dúlra. Iseatóp radaighníomhach é, agus leathré réasúnta fada aige, mar atá, timpeall ar 717 000 bliain. Thairis sin, is féidir iseatóip radaighníomhacha eile a tháirgeadh i luasairí cáithníní.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí aithne ag an gcine daonna ar an alúm, is é sin ar shulfáit hiodráitithe mheasctha an alúmanaim agus an tsóidiam nó an photaisiam, ón réamhstair anuas. Tuigeadh do na heolaithe sa 16ú haois gur salann de chuid "ithir" ar leith a bhí san alúm chomh luath leis an 16ú haois, agus bhí iarrachtaí chun aonrú an alúmanaim á ndéanamh ón 18ú haois ar aghaidh. Ba é Hans Christian Ørsted, an ceimiceoir Danmhargach, a d'aonraigh an t-alúmanam an chéad uair riamh, sa bhliain 1824. Chuir sé clóiríd alúmanaim (a bhí saor ó uisce) ag imoibriú le malgam an photaisiam, agus ba é ba thoradh don turgnamh seo ná cnapáin mhiotail a bhí cosúil le stán. Chuir sé na cnapáin seo faoi bhráid na gceimiceoirí eile sa bhliain 1825, agus chrom an t-eolaí Gearmánach Friedrich Wöhler ar an turgnamh céanna a dhéanamh in aithris air. Níor éirigh an iarracht sin le Wöhler, áfach, agus fuair sé riachtanach a mhodh oibre féin a fhorbairt. Sa bhliain 1845 d'aonraigh Wöhler cnapáin bheaga alúmanaim dá chuid féin, agus thuig sé cur síos ar shaintréithe áirithe na dúile. Mar sin ba nós ar feadh i bhfad fionnachtain an alúmanaim a lua le Wöhler.
Ar feadh i bhfad, áfach, ní rabhthas in ann alúmanam a tháirgeadh sa tionsclaíocht ach ar éigean, agus bhíodh an miotal nua seo ní ba dhaoire ná an t-ór féin. Mar sin, ní dhéanfaí ach earraí só as alúmanam. Ba iad an t-innealtóir Francach Paul Héroult agus an Meiriceánach Charles Martin Hall a d'fhorbair, beag beann ar a chéile, an próiseas atá in úsáid inniu féin le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch - is é sin, tuaslagadh na báicsíte sa chrióilít leáite.
Saintréithe ceimiceacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí fhiúsleictreon ag an alúmanam, agus tugann sé ar iasacht iad ina chuid comhdhúl. Mar sin is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla a bhíonn aige ná +3.
An tAlúmanam agus an tsláinte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil an dúlra ar maos le comhdhúile alúmanaim, dealraíonn sé nach gcuireann na comhdhúile alúmanaim isteach ná amach ar na horgánaigh bheo, go bunúsach. Is féidir dó carnadh i gcnámha agus i néarchóras an duine ag othair nach bhfuil a nduáin ag obair mar ba chóir, ach le géarnimhiú alúmanaim a tharraingt air féin caithfidh an duine folláin smután infheicthe de shalann alúmanaim de chineál éigin a ithe. Maidir leis an tionchar fadtéarmach a bhíonn ag an alúmanam ar shláinte na ndaoine agus iad á thógáil óna thimpeallacht go leanúnach (daoine a bhfuil a gcuid bia truaillithe le comhdhúile alúmanaim, cuir i gcás), is ceist chonspóideach é i gcónaí. Glactar leis nach ndéanann alúmanam an chomhshaoil nádúrtha dochar ar bith don duine fholláin, ach san am chéanna is cúis buartha dá lán go mbitear faoi lé an alúmanaim i bhfad níos mó inniu ná mar a bhítí fadó, chomh fairsing is a úsáidtear sa tionsclaíocht é, agus nach fios do na heolaithe go fóill cad is toradh don tsíornochtadh seo.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |