Ailtireacht na hAthbheochana
Cuma
Athfhionnadh is athfheidhmiú fhoirmeacha is phrionsabail na hailtireachta clasaicí, an ailtireacht Rómhánach go háirithe, in iarthar na hEorpa sa 15ú-16ú céad. Tharla sé san Iodáil ar dtús is go príomha, mar ar oibrigh na hailtirí cáiliúla Alberti, Bramante, Brunelleschi, Michelangelo, Palladio, Raphael, Giulio Romano, Giuliano da Sangallo, agus Vignola. Tá samplaí suntasacha i Sasana (Teach na Banríona i nGreenwich (1616) is saothair Inigo Jones), an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ollainn, agus an Spáinn.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na hAthbheochana". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |