Aigéad clórach
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 83.961422 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | ClHO₃ |
SMILES canónta | Model 2D OCl(=O)=O |
InChI | Model 3D |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Is é an t-aigéad clórach an dara hocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín. Tugtar clóráití ar a chuid salann.
Airíonna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-aigéad clórach éagobhsaí ar chúiseanna teirmidinimice, agus ní féidir é a aonrú ón uisce. Na tuaslagáin uisce a bhfuil 30 % nó níos lú den aigéad seo iontu tá siad cobhsaí le teocht réasúnta íseal, agus má táthar an-chúramach is féidir an tuaslagán uisce a láidriú go 40 %. Is dual don aigéad clórach díréiriúchán a dhéanamh, má bhaintear triail as an tuaslagán a dhéanamh níos láidre ná sin - is é sin, cuid de na hiain chlóráite ag ocsaídiú go hiain sárchlóráite, an chuid eile ag dí-ocsaídiú go hiain chlóiríde nó go móilíní dé-ocsaíde clóirín, mar shampla:
- 8 HClO3 → 4 HClO4 + 2 H2O + 2 Cl2 + 3 O2
- 3 HClO3 → HClO4 + H2O + 2 ClO2
Guaiseacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ocsaídeoir láidir agus aigéad láidir é an t-aigéad clórach, agus má thagann sé i dteagmháil le substaint indóite nó shodhóite, rachaidh an tsubstaint sin trí thine ar an toirt. Úsáidtear an t-aigéad clórach le clóráití a tháirgeadh.