Stachys
Stachys monieri | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | cnó |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Fofhine | Lamioideae |
Géineas | Stachys L., 1753 |
Ainmníocht | |
Géineas | baininscneach |
Tá Stachys ar cheann de na géinis is mó san fhine úd Lamiaceae, grúpa mór plandaí blátha. Meastar idir 300 agus 450 speiceas a bheith sa ghéineas Stachys. Tá taighde le déanamh fós ar na naisc ghéiniteacha eatarthu.
Planda bliantúil nó ilbhliantúil a fhaightear ar fud an Domhain. An gas cearnach díreach; na duilleoga i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna déliopach, de ghnáth bán, bándearg nó corcra le spotaí dorcha. Seanúsáid luibheolaíochta in ungadh le cur ar chréacht. D'úsáidtí duilleoga giobacha ó ghnéithe ar leith mar líonolann. Tálann gnéithe eile tiúbar inite.
Áirítear Stachys sylvatica nó an créachtlus, mar eiseamláir tipiciúil an ghéinis. Speiceas eile sa ghéineas ná an lus beatha (Stachys officinalis), leigheas comónta sa Mheánaois san Eoraip.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Braichlis chréachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |