{{ published_date }}
Áiríonn an fadliosta BAFTA go leor scannán agus aisteoirí Éireannacha ach tá iontas ar go leor go ndearnadh neamhaird de dhuine de na haisteoirí is mó ráchairt, Paul Mescal.
Bhí Gladiator II ar cheann de na scannáin a raibh gach duine ag caint faoi in 2024 agus lean sé ar aghaidh chun €420 milliún a thuilleamh sna pictiúrlanna.
In ainneoin a rathúlachta tráchtála, áfach, níor thaitin scannán Ridley Scott le gach duine agus tá sé fós le feiceáil conas a éiríonn leis le linn shéasúr na ngradam, go háirithe ina dhiaidh teacht amach ainmniúchán na BAFTAs.
Tá liosta fada ainmniúchán BAFTA seolta agus bhí ainm amháin in easnamh go suntasach ón bhfógra.
Níl suim dá laghad i Paul Mescal, atá i ról Lucius, ag Gradaim Scannán Acadamh na Breataine (British Academy Film Awards, BAFTA) díreach seachtainí tar éis don rud céanna a thárla leis na Golden Globes i Meiriceá.
Dhá bhliain ó shin ainmníodh é don aisteoir is fearr ag na BAFTAs agus ag na hOscars dá léiriú sa dráma Aftersun.
Ní drochscéal ar fad é do Gladiator II ag na BAFTAs, áfach, mar go bhfuil naoi n-ainmniúchán ar an liosta fada, lena n-áirítear ainmniúchán aisteoir tacaíochta is fearr do Denzel Washington, atá i ról Macrinus.
I measc na n-ainmniúchán Éireannach eile ar an liosta fada tá ainmniúchán Saoirse Ronan sa chatagóir Aisteoir is Fearr dá scannán The Outrun.
Ainmníodh an scannán freisin le haghaidh Sárscannán na Breataine (Outstanding British Film), Stiúrthóir, Script Scannáin Athchóirithe(Adapted Screenplay) agus Scór Bunsaothar (Original Score).
Tá Blitz, scannán de chuid Apple TV+, le Saoirse ar an liosta fada freisin i seacht gcatagóir lena n-áirítear Sárscannán na Breataine agus Scór Bunsaothar, dar le RTÉ.
Tá an scannán Éireannach, Clodagh, a stiúir Portia A. Buckley, ar an bhfadliosta freisin sa chatagóir gearrscannán.
Ba é Kneecap buaiteoir mór liosta fada BAFTA, áfach, a bhfuil seacht n-ainmniúchán faighte acu lena n-áirítear ceann amháin don scannán is fearr agus don script is fearr.
Ceann eile le breathnú air le nasc Éireannach ná The Apprentice, a insíonn scéal Donald Trump óg, agus atá ón gcomhlacht léiriúcháin Éireannach Tailored Films.
Fógrófar buaiteoirí ar 16 Feabhra ag searmanas i Londain.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig [email protected]
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
{{ published_date }}