{{ published_date }}
Tá an scannán Kneecap curtha ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin Oscar – le sin, fógrófar na hainmniúcháin an mhí seo chugainn.
Agus tá an t-amhrán Winter Coat, ó dhráma an Dara Cogadh Domhanda, le Saoirse Ronan ag canadh, ar an liosta freisin.
Tá Kneecap ar an ngearrliosta don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr.
Scríobh Steve McQueen, Taura Stinson agus an cumadóir Nicholas Britell, a ainmníodh trí huaire le haghaidh Oscar, Winter Coat.
Tá sé liostaithe don Amhrán Bunaidh (Original) is Fearr.
Tá Kneecap ar an ngearrliosta freisin sa chatagóir Amhrán Bunaidh is Fearr dá n-amhrán Sick In The Head.
Tá an scannán faoi Donald Trump ina fhear óg, The Apprentice, a léirigh an comhlacht léiriúcháin Éireannach Tailored Films, ar an ngearrliosta don Chatagóir Smideadh(make-up) agus Gruaige is Fearr.
Agus tá Room Taken, a fuair tacaíocht ó Screen Ireland, ar an ngearrliosta don Aicsean Beo is Fearr.
Rachaidh Kneecap agus na scannáin eile ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile anois nuair a roghnóidh baill an Acadaimh na cúigear ainmnithe deiridh ar 17 Eanáir.
Dúirt Rich Peppiatt, a scríobh agus a stiúir, Kneecap leis na réaltaí Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí: ‘Dá shiúil duine isteach i dteach tábhairne in 2019 – ar ais nuair a bhí mé féin agus Kneecap fós ag brionglóideach cad a d’fhéadfadh a bheith sa scannán seo – agus á rá linn go mbeimis ag rith le haghaidh Oscar cúig bliana ina dhiaidh sin, is dócha go bheimis ag fiafraí díobh cibé rud a bhí siad ag caitheamh.’
Ag labhairt dó faoi Kneecap a dhéanamh, dúirt sé ‘Ba thuras rollaí a bhí ann a raibh an-chuid obair crua leis agus neart spraoi ann agus is cinnte go mbeadh sé go hiontach é a chríochnú i Hollywood.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig [email protected]
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
{{ published_date }}